Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 20:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Agus nuair a fuair siad é, bhí siad ag monabhar ar fhear an tí:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Agus nuair a bhí sé glactha acu chuaigh siad a chlamhsán in aghaidh cheann an tí,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus nuair a fuair siad é, thoisigh siad a mhonabhar i n-aghaidh mháighistir an tighe,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus nuair fuaradar é do bhíodar ag cannrán i n‐aghaidh an fhir tighe,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus ar na ghlacadh dhóibh, do rinneadar monabhar a naghuidh fhir mhaith an tighe,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Nuair a fuaradar é chromadar ar cheisneamh i n-aghaidh an fhir thighe,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Agus nuair a fuair siad é, bhí siad ag monabhar ar fhear an tí:

Féach an chaibidil Cóip




Matha 20:11
14 Tagairtí Cros  

Agus shíl an chéad dream nuair a tháinig siad go bhfaighidís níos mó. Ach is déanar an duine a fuair siad sin féin.


‘An dream déanach seo,’ deiridís, ‘níor thug siad ach an t‑aon uair amháin, agus chuir tú ar aon dul iad féin agus sinne a d'fhulaing ualach an lae agus an brothall.’


Ba fhéidir an ola seo a dhíol ar bhreis agus trí chéad déanar agus an t‑airgead a thabhairt do na boicht.” Agus bhí siad ag casaoid léi.


Agus bhí na Fairisínigh agus na scríobhaithe ag monabhar: “Glacann an duine seo peacaigh chuige,” deiridís, “agus itheann sé ina gcuibhreann.”


Ar a fheiceáil sin do chách, bhí siad ag monabhar á rá: “Tá sé tar éis dul ar lóistín ag peacach.”


Agus bhí na Fairisínigh agus a gcuid scríobhaithe ag monabhar, á rá lena dheisceabail: “Cad chuige a bhfuil sibh ag ithe agus ag ól leis na poibleacánaigh agus na peacaigh?”


Thosaigh na Giúdaigh ansin ag cnáimhseáil mar gheall air go ndúirt sé: “Is mise an t‑arán a tháinig anuas ó neamh.”


Bhí a fhios ag Íosa ann féin go raibh a dheisceabail ag cnáimhseáil ina thaobh seo agus dúirt sé leo: “An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh?


Nuair a chonaic na Giúdaigh na sluaite daoine, bhí siad lán d'fhormad agus bhréagnaigh siad go tarcaisniúil gach a raibh á rá ag Pól.


mar go bhfuil siad ag cur bac orainne labhairt leis na gintlithe d'fhonn is go slánofaí iad. Sa tslí sin tá siad ag cur barr ar a bhfuil de pheacaí déanta acu riamh anall; ach tá fearg Dé tagtha suas leo faoi dheireadh.


Iad sin lucht an mhonabhair a bhíonn ag gearán faoina gcinniúint, a ghéilleann dá n‑ainmhianta, a mbíonn clab orthu le huaill agus a bhíonn ag bladar le daoine ar mhaithe leo féin.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí