Agus ná bíodh eagla oraibh roimh na daoinibh mharbhas an corp, agus nach bhfuil ar chumas dóibh an t‐anam do mharbhadh: ach bíodh eagla oraibh roimh an té úd gur féidir leis idir anam agus corp do bhascadh i n‐ifreann.
Matha 10:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ná bíodh eagla oraibh rómpa, d’á bhrigh sin: óir ní fhuil aon nidh fá chlúid nach nochtfar; agus ni fhuil aon nidh fá cheilt nach n‐aithneochar. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Ná bíodh aon eagla oraibh rompu mar sin; mar níl ní dá bhfuil i gceilt nach nochtfar, ná ní dá bhfuil i bhfolach nach mbeidh ar eolas. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ar an adhbhar sin, ná bíodh eagla oraibh rompa. Óir ní fhuíl dadamh foluighthe nach bhfoillseochar, ná aon nídh fá cheilt nach mbéidh fios air. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin na bíodh a neagla oraibh: óir ní bhfuil ní ar bith folaighthe, nach dtiocfuidh chum soillsi; agus ní bhfuil énní ar ceilt, nach aitheontar. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ná bíodh eagla agaibh rómpa d’á bhrígh sin. Óir ní’l aon rud fé chlúid ná nochtfar, agus ní’l rud i bhfolach na h-aithneófar. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ná bíodh eagla oraibh rompu, mar sin. Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air. An Bíobla Naofa 1981 Ná bíodh eagla oraibh rompu, mar sin. Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air. |
Agus ná bíodh eagla oraibh roimh na daoinibh mharbhas an corp, agus nach bhfuil ar chumas dóibh an t‐anam do mharbhadh: ach bíodh eagla oraibh roimh an té úd gur féidir leis idir anam agus corp do bhascadh i n‐ifreann.
Óir ní curtar aon nidh i bhfolach, acht chum go nochtfar é; ná ní dearnadh aon nidh fá rún, acht chum go dtiocfaidh sé chum solais.
agus go bhfógróchaidhe ’n‐a ainm aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do na cinidheachaibh uile, ag tosnú ó Iarúsalem.
Óir ní curtar aon nidh i bhfolach nach nochtfar; ná nidh fá cheilt, nach n‐aithneochar agus nach dtiocfaidh chum solais.
Acht dogheobhaidh sibh neart nuair thiocfas an Spiorad Naomh oraibh: agus béidh sibh ’n‐bhúr bhfiadhnaidhthibh damh‐sa i nIarúsalem, agus i nIúdaea ar fad, agus i Samária, agus go foirimeall an domhain.
Agus nuair chonnacadar Peadar agus Eoin, agus iad chómh dána sin, agus thuigeadar gur daoine gan foghlaim, gan léighean iad, do bhí iongnadh ortha; agus d’aithnigheadar iad, go mbídís i bhfochair Íosa.
Acht d’fhreagair Peadar agus Eoin agus adubhradar leo, Breathnuighidh féin cia aca is ceart i bhfiadhnaise Dé, éisteacht libh‐se nó éisteacht le Dia:
D’á bhrigh sin ná tabhraidh breitheamhnas i gcúis ar bith roimh an am, nó go dtagidh an Tighearna bhéarfas chum an tsolais neithe atá foluighthe fá dhorchadas, agus nochtfas rúin na gcroidhthe; annsin gheobhas gach duine a mholadh féin ó Dhia.
Acht má fhulaingeann sibh ar son na fíréantachta féin, is aoibhinn daoibh: agus ná bíodh eagla oraibh rómpa‐san, agus ná bíodh buaidhirt oraibh;