Matha 1:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Do ghein Abracham Íosóg; agus do ghein Íosóg Iácób; agus do ghein Iácób Iúdás agus a dhearbhráithre. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ghin Abracham Íosóg, agus ghin Íosóg Iácób, agus ghin Iácób Iúda agus a dheartháireacha, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ghein Abraham Isaac. Agus ghein Isaac Iacób. Agus ghein Iacób Iúdas agus a dhearbhráithre. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do ghein Abraham Isaac; agus do ghein Isaac Iacob; agus do ghein Iacob Iúdas agus a dhearbhráithre; Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Do ghein Ábraham Isaac. Agus do ghein Isaac Iácób, agus do ghein Iácób Iúdás agus a dhritháracha. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ghin Abrahám Íosác; ghin Íosác Iacób; ghin Iacób Iúdá agus a dheartháireacha; An Bíobla Naofa 1981 Ghin Abrahám Íosác; ghin Íosác Iacób; ghin Iacób Iúdá agus a dheartháireacha; |
Agus do ghein Iúdás Fares agus Sara ó Thamar; agus do ghein Fares Esróm; agus do ghein Esróm Aram;
Agus thug sé dhó connradh an timcheall‐gearrtha: agus mar sin do ghein sé Íosóg, agus do thimcheall‐ghearr sé é an t‐ochtmhadh lá; agus do ghein Íosóg Iácób, agus do ghein Iácób an dá phaitriárcha déag.
Tré chreideamh fuair Sára féin cumas chum sliocht do ghabháil i mbroinn, i n‐aimhdheoin go raibh sí thar aois, de bhrigh gur mheas sí an té thug an gheallamhain bheith fírinneach,
Óir is léir gur shíolruigh ár dTighearna ó threibh Iúda; treabh nár labhair Maois éinnidh bhaineas leis an sagartacht ’n‐a taobh.
Do cuireadh séala ar dhá mhíle déag de threibh Iúda: Ar dhá mhíle déag de threibh Rúben: Ar dhá mhíle déag de threibh Ghaid: