Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Apacailipsis (Taispeántadh) 7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 ’N‐a dhiaidh sin do chonnacas ceithre h‐aingle ’n‐a seasamh ag ceithre cúinnibh an domhain, ag coimheád ceithre gaotha an domhain, chum nach séidfeadh aon ghaoth ar an talamh, ná ar an bhfairrge, ná ar aon chrann.

2 Agus do chonnacas aingeal eile ag teacht anoir, agus séala an Dé bhí aige: agus do ghlaodh sé de ghuth árd ar na ceithre h‐ainglibh go raibh tugtha de chead dóibh dochar do dhéanamh do’n talamh agus do’n fhairrge,

3 g‐á rádh, Ná déanaidh aon dochar do’n talamh, ná do’n fhairrge, ná do na crannaibh, go dtí go mbéidh séala curtha againn ar chlár éadain ar sheirbhíseachaibh ár nDé.

4 Agus do chualas méid na ndaoine ar ar cuireadh an séala, céad agus dá‐fhichid agus ceithre míle as gach treibh de chloinn Israel.

5 Do cuireadh séala ar dhá mhíle déag de threibh Iúda: Ar dhá mhíle déag de threibh Rúben: Ar dhá mhíle déag de threibh Ghaid:

6 Ar dhá mhíle déag de threibh Aséir: Ar dhá mhíle déag de threibh Neftalí: Ar dhá mhíle déag de threibh Mhanassé:

7 Ar dhá mhíle déag de threibh Shimeoin: Ar dhá mhíle déag de threibh Lébhí: Ar dhá mhíle déag de threibh Issachair:

8 Ar dhá mhíle déag de threibh Shabúlóin: Ar dhá mhíle déag de threibh Sheosaimh: Ar dhá mhíle déag de threibh Bheniamín.

9 ’N‐a dhiaidh sin do dhearcas, agus féach, sluagh mór nach bhféadfadh aon duine a áireamh, de gach cineadh, agus de gach treibh, agus de gach pobal, agus de gach teangain, ’n‐a seasamh os cómhair na righ‐chathaoireach agus os cómhair an Uain, éadaighe geala umpa, agus pailmeacha ’n‐a lámhaibh aca;

10 agus do bhíodar g‐á ghlaodhach amach de ghuth árd, Slánughadh d’ár nDia atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, agus do’n Uan.

11 Agus do bhí na h‐aingle uile ’n‐a seasamh i dtimcheall na righ‐chathaoireach, agus i dtimcheall na seanóir agus na gceithre n‐ainmhidhe; agus do thuiteadar ar a n‐aighthibh fútha os cómhair na righ‐chathaoireach, agus d’adhradar Dia,

12 g‐á radh, Amen: Moladh, agus glóir, agus eagnaidheacht, agus buidheachas, agus onóir, agus cumhacht, agus neart go raibh ag ár nDia go saoghal na saoghal. Amen.

13 Agus d’fhreagair duine de na seanóiribh, g‐á rádh liom, Cia h‐iad so go bhfuil na róbaí geala ortha, agus cad as a dtáinig siad?

14 Agus adubhras‐sa leis, A Thighearna, atá a fhios agat‐sa. Agus adubhairt seisean liom, Is iad na daoine tháinig as an anró mór iad so, agus do nigheadar a róbaí agus do rinneadar geal iad i bhfuil an Uain.

15 Uime sin is eadh bhíonn siad os cómhair righ‐chathaoireach Dé; agus bíonn siad ag déanamh seirbhíse dhó de ló agus d’oidhche ’n‐a theampall: agus an té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, cumhdóchaidh sé fá n‐a phailiún iad.

16 Ní bhéidh ocras ná tart ortha choidhche; agus ní bhuailfidh an ghrian ná aon teas loiscneach ortha: óir an tUan atá i lár na righ‐chathaoireach,

17 béidh sé ’n‐a aodhaire aca, agus treoróchaidh sé go toibreacha fíor‐uisce na beathadh iad: agus cuimilfidh Dia gach deor d’á súilibh.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí