Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 7:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus do chualas méid na ndaoine ar ar cuireadh an séala, céad agus dá‐fhichid agus ceithre míle as gach treibh de chloinn Israel.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Agus chuala mé lion an dreama ar cuireadh séala orthu, céad daichead is a ceathair de mhílte, as gach treibh de chlann Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus do chúala mé uibhir na druinge air ar cuireadh an séula: agus do séuluigheadh céud agus ceathrar ar dhá fhichead dó mhíltibh do threabhuibh chloinne Israel uile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Agus chuala mé líon na ndaoine ar cuireadh an séala orthu, céad agus daichead a ceathair míle agus iad as gach treibh de chlann Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Agus chuala mé líon na ndaoine ar cuireadh an séala orthu, céad agus daichead a ceathair míle agus iad as gach treibh de chlann Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 7:4
17 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, nuair shuidhfeas Mac an Duine i gcathaoir a ghlóire, san aith‐gheineamhain, sibh‐se do lean mé, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag, ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.


Agus adubhairt an seirbhíseach, A thighearna, atá gach nidh déanta de réir mar d’órduighis, agus atá slighe fágtha fós.


chum go n‐íosfaidh agus go n‐ólfaidh sibh ar mo bhórd‐sa im’ ríoghacht; agus go mbéidh sibh ’n‐bhúr suidhe ar righ‐chathaoireachaibh ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.


go bhfuil ár ndá threibh déag ag súil leis, ag déanamh seirbhíse do Dhia go dúthrachtach, de ló agus d’oidhche. Agus is i dtaobh an dóchais seo, a rí, go bhfuil na h‐Iúdaigh ’gam’ chionntú!


Agus glaodhann Ésáias i dtaobh Israel, Má bhíonn clann Israel chómh líonmhar le gaineamh na fairrge, ní slánóchar acht a bhfuigheall:


Séamas, seirbhíseach Dé agus an Tighearna Íosa Críost, chum an dá threibh dhéag atá ar deoraidheacht, beatha agus sláinte.


Agus do dhearcas, agus féach, an tUan ’n‐a sheasamh ar chnoc Síoin, agus céad ceathrar agus dá fhichid míle duine ’n‐a fhochair, agus a ainm‐sean agus ainm a Athar scríobhtha ar chláraibh a n‐éadain.


agus do bhíodar ag canadh amhráin, mar bhéadh amhrán úr‐nua, ós cómhair na righ‐chathaoireach, agus os cómhair na gceithre n‐ainmhidhe, agus os cómhair na seanóir: agus ní raibh ar chumas d’aoinneach an t‐amhrán sin d’fhoghlaim, acht amháin do’n chéad ceathrar, agus dá fhichid míle duine do bhí ceannuighthe as a raibh ar talamh.


Do cuireadh séala ar dhá mhíle déag de threibh Iúda: Ar dhá mhíle déag de threibh Rúben: Ar dhá mhíle déag de threibh Ghaid:


Agus dob’ é áireamh marc‐shluaigh an airm fiche míle fó dheich mílte: óir do chualas a n‐áireamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí