Eabhraigh 11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Anois is é is creideamh ann, bheith dearbhtha de na neithibh go bhfuiltear ag súil leo, bheith cinnte fá neithibh nach bhfeictear. 2 Óir is d’á bhárr fuair ár sinnsir deagh‐theist. 3 Is tré chreideamh thuigmíd gur cumadh an domhan tré bhriathar Dé, ar mhodh nach de neithibh so‐fheicseanacha do rinneadh na neithe dochítear. 4 Is tré chreideamh d’ofráil Aibial do Dhia íodhbairt dob’ fhearr ’ná íodhbairt Cháin; agus d’á bhárr sin fuair sé an teist gurbh fhíréan é, Dia ag glacadh le n‐a thíodhlaicthibh: agus d’á bhárr sin labhrann sé fós, agus é marbh. 5 Is tré chreideamh do h‐aistrigheadh Énoch chum nach bhfeicfeadh sé an bás: agus ní raibh sé le fágháil; toisc gur aistrigh Dia é: óir sarar h‐aistrigheadh é fuair sé an teist gur thaithin sé le Dia: 6 agus gan creideamh ní féidir taithneamh leis: óir an té thig chum Dé, ní foláir dó a chreideamhain go bhfuil sé ann, agus go dtugann sé luach a saothair do na daoinibh loirgeas é. 7 Tré chreideamh Naoi, iar bhfágháil rabhaidh ó Dhia i dtaobh na neithe nach raibh fós le feicsin, le h‐eagla agus le hurramacht do chuir sé áirc i gcóir chum a theaghlach féin do shábháil: agus d’á bhárr sin do chionntuigh sé an saoghal, agus do rinneadh oidhre na fíréantachta atá tré chreideamh dhe. 8 Tré chreideamh Abracham, nuair fuair sé an ghairm, d’umhluigh sé agus d’imthigh sé amach go h‐áit do bhí le fágháil aige mar oidhreacht ’n‐a dhiaidh sin; agus d’imthigh sé amach, gan a fhios aige cá raibh a thriall. 9 Tré chreideamh tháinig sé chum cómhnuighthe i dtír tarngaire, i ndúthaigh nár leis féin, ag cur faoi i bpublaibh i n‐éinfheacht le Íosóg agus le Iácób, cómh‐oidhrí leis san aon gheallamhain amháin: 10 óir do bhí sé ag súil leis an gcathair go bhfuil bun daingean fúithi, gur ab é Dia a h‐árd‐shaor agus a foirgnightheoir. 11 Tré chreideamh fuair Sára féin cumas chum sliocht do ghabháil i mbroinn, i n‐aimhdheoin go raibh sí thar aois, de bhrigh gur mheas sí an té thug an gheallamhain bheith fírinneach, 12 agus thárla go rugadh ó fhear amháin, agus é ionann agus marbh, sliocht do bhí chómh líonmhar le réaltaibh na spéire, agus le gaineamh na trágha atá de chois na fairrge, sliocht do‐áirmhthe. 13 Fuaradar‐san uile bás san gcreideamh, gan a raibh geallta dhóibh d’fhágháil, acht do chonnacadar i bhfad uatha iad, agus d’fháiltigheadar rómpa, g‐á admháil go rabhadar ’n‐a gcoigríochachaibh agus ’n‐a n‐oilithribh ar an saoghal. 14 Óir na daoine adeir neithe d’á leithéidibh sin, cuireann siad i dtuigsin gur ar lorg dúthaighe leo féin atáid. 15 Agus dá mbéidís ag cuimhneamh ar an dúthaigh as ar imthigheadar, do‐gheobháidís faill ar dhul ar ais cúichi. 16 Acht anois cuireann siad dúil i ndúthaigh atá níos fearr ’ná í, dúthaigh neamhdha: uime sin ní nár le Dia go nglaodhfaidhe a nDia‐san mar ainm air: óir atá cathair curtha aige i n‐áirithe dhóibh. 17 Tré chreideamh Abracham, nuair rinne Dia fromhadh air, d’íodhbair sé Íosóg; an té fuair a raibh geallta, do bhí sé ag íodhbairt a aon‐gheine; 18 go ndubhradh ’n‐a thaobh, is i nÍosóg ainmneochar sliocht duit: 19 óir do mheas sé go bhfuil ar chumas Dé na mairbh féin do thógáil suas; agus i bhfáith‐scéal, fuair sé ar ais ó na marbhaibh é. 20 Tré chreideamh do bheannuigh Íosóg Iácób agus Ésau i dtaobh neithe do bhí le teacht. 21 Tré chreideamh Iácób, ag fágháil bháis dó, do bheannuigh sé beirt chlann‐mhac Sheosaimh; agus do rinne sé adhradh, ag cromadh ar bhárr a bhata. 22 Tré chreideamh Seosamh, ag saothrú an bháis dó, do luaidh sé imtheacht clainne Israel; agus thug sé órdú i dtaobh a chnámh. 23 Tré chreideamh, nuair rugadh Maois, do chuir a athair agus a mháthair i bhfolach é ar feadh ráithe, toisc go bhfacadar gur leanbh breagh é; agus ní raibh eagla ortha roimh órdú an ríogh. 24 Tré chreideamh Maois, nuair d’éirigh sé mór, do dhiúltuigh sé a ainmniú mar mhac inghine Farao; 25 g‐á thabhairt de rogha anró d’fhulang i n‐éinfheacht le pobal Dé, ’ná pléisiúr do bhaint as an bpeacadh ar feadh tamaill; 26 g‐á mheas gur mó dob’ fhearr masla Chríost mar shaidhbhreas ’ná seoda na hÉigipte: óir do bhí sé ag súil leis an luach saothair. 27 Tré chreideamh d’fhág sé an Éigipt ’n‐a dhiaidh, gan eagla air roimh dhíbheirg an ríogh: óir do sheasuigh sé go tréan, mar bhéadh a shúil ar an té nach bhfeicthear. 28 Tré chreideamh do bhunuigh sé an Cháisc, agus croitheadh na fola, chum nach leagfadh scriosaire na gcéid‐ghein lámh ortha. 29 Tré chreideamh do chuadar treasna na Mara Ruaidhe, mar bhéadh ar thalamh tirim: acht gur bádhadh na hÉigiptigh innti, agus iad ag tabhairt iarrachta faoi. 30 Tré chreideamh do thuit ballaí Ierichó ar lár, tar a éis dóibh bheith d’á dtimchealladh ar feadh seacht lá. 31 Tré chreideamh níor scriosadh Rachab méirdreach i n‐éinfheacht leis na daoinibh do bhí easumhal, ó d’fháiltigh sí go síothchánta roimh na spíodóiribh. 32 Agus créad eile adéarfainn? Óir ní bhéadh sé d’uain agam labhairt fá Ghedeon, fá Shampson, fá Iefté, fá Dháibhí, fá Shamuel agus fá na fáidhibh: 33 daoine do chlaoidh ríoghachta tré chreideamh, do rinne an ceart, fuair na geallamhnacha, do dhún béal na leomhan, 34 do mhúch neart teineadh, d’éaluigh slán ó bhéal claidhimh, d’éirigh bríoghmhar as lár a laige, d’éirigh crodha i gcath, do chuir an ruaig ar shluaightibh na n‐eachtrann. 35 Fuair mná a mairbh ar ais tré aiséirghe: agus do bhí cuid eile do ciapadh, ag diúltú do’n tslighe éalóidh; chum go bhfaighdís aiséirghe dob’ fhearr: 36 do frómhadh cuid eile aca le magadh agus le sciúrseadh, le cuibhreachaibh agus le príosún: 37 do gabhadh de chlochaibh ortha, do gearradh ó chéile iad le tuireasc, do cuireadh cathuighthe ortha, do marbhadh iad le faobhar claidhimh: d’imthigheadar le fán an tsaoghail, agus croicne caorach agus croicne gabhar umpa: bhíodar beo‐bhocht, fá anró agus fá chrádh (daoine nárbh fiú an saoghal iad), 38 ag dul ar seachrán i bhfásaighibh, agus ar shléibhtibh, i bpluaisibh, agus i bpolltaibh fá’n talamh. 39 Agus fuaradar‐san uile deagh‐theist de bhárr a gcreidimh, acht ní fhuaradar an gheallamhain: 40 óir do bhí nidh dob’ fhearr curtha i n‐áirithe ag Dia dhúinne, chum nach bhfoirbhfidhe iad gan sinne bheith leo. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society