Lúcás 7:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht do dhiúltuigh na Fairisínigh agus ollamhain na dlighe de’n chómhairle do chinn Dia ’n‐a dtaobh féin gan baisteadh do ghlacadh uaidh.) An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ach na Fairiséigh agus na scríobhaithe, ba iad an dream nach ngéillfeadh do dhea-thoil Dé agus nár lig dʼEoin a mbaisteadh). Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht tharcuisnigh na Fairisínigh agus na dlightheoirí cómhairle Dé ina n-aghaidh féin, óir níor ghlac siad-san a bhaisteadh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd thugadar na Phairsínigh agus an luchd dlighe tarcuisne ar chomhairle Dé na naghuídh féin, gan a bheith ar na mhaisdeagh úadhsan. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach na Fairisínigh agus dochtúirí na dlighe, thugadar easúmhluigheacht do chómhairle Dé ’n-a gcoinnibh féin, óir níor ghlacadar a bhaisteadh-sin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Na Fairisínigh, áfach, agus na dlíodóirí, nuair nár ghlac siad baisteadh uaidh, chuir siad ar neamhní an rud ab intinn le Dia dóibh. An Bíobla Naofa 1981 Na Fairisínigh, áfach, agus na dlíodóirí, nuair nár ghlac siad baisteadh uaidh, chuir siad ar neamhní an rud ab intinn le Dia dóibh. |
A Iarúsalem, a Iarúsalem, mharbhas na fáidhe, agus ghabhas de chlochaibh ortha‐san a curtar chugat! cad é a mhinicighe dob’ áil liom do chlann do chruinniú le chéile, mar chruinnuigheas cearc a h‐ál féin fá n‐a sciathánaibh, agus níorbh áil leat é!
Cad chuige nár chreideabhar é? Acht má déarfaimíd, Ó dhaoinibh; gabhfaidh na daoine go léir de chlochaibh orainn: óir is dearbh leo gurbh fháidh Eoin.
Cia leis, d’á bhrigh sin, go samhlóchad muinntear an chinidh seo, agus cia leis gur cosmhail iad?
Acht is dtaobh Israel is é adeir sé, Do shíneas mo lámha amach ar feadh an lae uile, Chum pobail easumhla chonspóidigh.
Agus ag obair i n‐éinfheacht leis dúinne, impighmíd oraibh gan grása Dé do ghlacadh go díomhaoin.
Ní ag cur grása Dé ar ceal atáim: óir má’s tríd an dlighe gheibhtear fíréantacht, is i n‐aisce fuair Críost bás.
Do rinneadh oidhrí dhínne ann, ar mbeith dhúinn réamhórduighthe do réir rúin an té do‐ghní gach nidh do réir cómhairle a thola féin: