Agus tháinig poibleacáin chuige, leis, chum go mbaistfidhe iad, agus adubhradar leis, A Mháighistir, créad atá le déanamh againne?
Lúcás 3:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhiafruigh an sluagh uile dhe, g‐á rádh, Má’s eadh, créad atá le déanamh againn? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼfhiafraigh na sluaite de, “Má tá sin amhlaidh, cad é atá orainn a dhéanamh?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’fhiafruigh na sluaighte de, ag rádh: Cad é mar sin atá le déanamh againn? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do fhíafruigh an slúagh nile dhe, ag rádh, Ar a nadhbharsin créud do dheunam? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do cheistigh na daoine é, agus dubhradar: Cad ’tá le déanamh againn má ’seadh? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus bhí na sluaite ag fiafraí de: “Cad tá le déanamh againn, más ea?” An Bíobla Naofa 1981 Agus bhí na sluaite ag fiafraí de: “Cad tá le déanamh againn, más ea?” |
Agus tháinig poibleacáin chuige, leis, chum go mbaistfidhe iad, agus adubhradar leis, A Mháighistir, créad atá le déanamh againne?
Agus do chuir saighdiúirí ceist air, leis, g‐á rádh, Agus créad atá le déanamh againne? Agus adubhairt sé leo, Ná déanaidh foiréigean ar aoinneach, agus ná h‐agraidh éinnidh go h‐éagcórach; agus bidhidh sásta le n‐bhúr dtuarastal.
Tabhraidh uaibh, d’á bhrigh sin, torthaí oireas do bhúr n‐aithrighe, agus ná tosnuighidh ar a rádh libh féin, Atá Abracham ’n‐a athair againn: óir adeirim libh, gur féidir le Dia sliocht d’Abracham do thógáil ó na clochaibh sin.
agus é ar bhaill‐chrith, agus thug sé amach iad, agus adubhairt, A dhaoine uaisle, créad atá le déanamh agam chum go saorfaidhe mé?
Nuair chualadar an méid sin, tháinig corruighe croidhe ortha, agus adubhradar le Peadar agus leis an gcuid eile de na h‐abstalaibh, A bhráithreacha, créad atá le déanamh againn?
Agus adubhairt Peadar leo, Déanaidh aithrighe, agus baistear gach duine agaibh i n‐ainm Íosa Críost chum maitheamhnais bhúr bpeacadh; agus do‐gheobhaidh sibh an Spiorad Naomh mar bhronntanas.
acht éirigh, agus téigh isteach san gcathair, agus innseochar duit créad atá le déanamh agat.