Óir adeirim libh, muna sáruighidh bhur bhfíréantachtsa fíréantacht na scríobhaidhe agus na bhFairisíneach, nach rachaidh sibh isteach i ríoghacht na bhflaitheas ar chor ar bith.
Lúcás 18:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Do‐ghním troscadh dhá uair sa tseachtmhain, íocaim an deachmhadh ar gach a bhfaghaim. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Bím ag déanamh troscaidh faoi dhó gach seachtain, agus bím ag tabhairt an deichiú cuid de mo theacht isteach.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Troiscim dhá uair san tseachtmhain; bheirim deachmhaidhe as gach nídh dá bhfuil agam. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Troisgim fá dhó ann sa tseachdmhuin, do bheirim deachmhuidh as gach ní dhá sealbhuighim. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Deinim-se trosgadh dhá uair sa tseachtmhain: tugaim deachmhadh as a bhfuil agam. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Déanaim troscadh dhá uair sa tseachtain, íocaim na deachúna ar gach ní dá bhfaighim.’ An Bíobla Naofa 1981 Déanaim troscadh dhá uair sa tseachtain, íocaim na deachúna ar gach ní dá bhfaighim.’ |
Óir adeirim libh, muna sáruighidh bhur bhfíréantachtsa fíréantacht na scríobhaidhe agus na bhFairisíneach, nach rachaidh sibh isteach i ríoghacht na bhflaitheas ar chor ar bith.
Seachnaidh agus ná déanaidh bhúr ndeagh‐ghníomhartha i bhfiadhnaise na ndaoine i dtreo go bhfeicfidís sibh, nó ní bhéidh aon luach saothair le fágháil agaibh ó bhúr nAthair atá ar neamh.
Agus nuair bhíos sibh i n‐bhúr dtroscadh, ná bidhidh gruamdha ar nós luchta an fhuar‐chrábhaidh: óir dorchuighid‐sean a gceann‐aighthe chum go bhfeicfidh na daoine go bhfuilid ’n‐a dtroscadh. Adeirim libh go fírinneach go bhfuil a luach‐saothair fághálta aca.
Agus nuair bhíos sibh ag déanamh urnaighe, ná bidhidh mar lucht an fhuar‐chrábhaidh, gur maith leo urnaighe do dhéanamh agus iad ’n‐a seasamh ins na sionagógaibh agus ag cúinnibh na sráideann, chum go bhfeicfeadh na daoine iad. Go fírinneach adeirim libh, go bhfuil a luach saothair fághálta aca.
Annsin tháinig deisceabail Eoin chuige g‐á rádh, Cad chuige a ndéanaimíd‐ne agus a ndéanann na Fairisínigh troscadh go minic, agus nach ndéanann do dheisceabail‐se troscadh?
Acht is mairg daoibh, a Fhairisíneacha! óir gearrann sibh an deachmhadh ar an miontas, agus ar an ruibh, agus ar gach uile luibh, agus ní chuireann sibh suim i mbreitheamhnas ná i ngrádh Dé: acht ba cheart daoibh aire do thabhairt daoibh seo gan faillighe do dhéanamh ionnta súd.
Mar sin daoibh féin, nuair bhéas gach ar h‐órduigheadh dhaoibh déanta agaibh, abraidh, Seirbhísigh neamh‐fhoghanta sinne; do‐rinneamar an nídh ba dhual dúinn do dhéanamh.
Cia an t‐adhbhar maoidhmheachais atá ann, mar sin? Ní fhuil sé ceaduighthe. Ag cia an dlighe? Ag dlighe na h‐oibreach, an eadh? Ní h‐eadh, acht ag dlighe an chreidimh.
agus gur mhó do chuadhas ar aghaidh i gcreideamh na nIúdach ’ná a lán daoine dem’ chómhaois féin i measc muinntire mo chinidh, agus mé i bhfad ní ba dhúthrachtaighe i dtaobh gnáth‐nósann mo shinnsir.
Agus déan cleachtadh ar an diadhacht: óir is beag an tairbhe atá i n‐aclaidheacht cuirp; acht atá tairbhe le h‐aghaidh an uile nidh san diadhacht, mar tá innti geallamhain na beathadh atá ann anois, agus atá le teacht.