Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 6:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus nuair bhíos sibh i n‐bhúr dtroscadh, ná bidhidh gruamdha ar nós luchta an fhuar‐chrábhaidh: óir dorchuighid‐sean a gceann‐aighthe chum go bhfeicfidh na daoine go bhfuilid ’n‐a dtroscadh. Adeirim libh go fírinneach go bhfuil a luach‐saothair fághálta aca.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 “Nuair a bhíonn sibh ag déanamh troscaidh, ná bíodh dreach gruama oraibh, mar lucht na bréagchráifeachta, a chuireas míghnaoi ar a ngnúiseanna ionas go mba léir do dhaoine iad a bheith ag déanamh troscaidh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Agus nuair a ghní sibh troscadh, ná bígidh gruamdha ar nós na mbréagchráibhtheach: óir dorchuigheann siad-san a n-aighthe, chun go mba léir do dhaoine iad a bheith ag déanamh troscaidh. Amén adeirim libh, go bhfuil a luach saothair fáighte acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus an tan do nithi trosgadh, na bidhidh grúama, mar luchd an fhúarchrabháidh: óir dorchuidhid siád a naighthe, do chum go madh follus dona dáoinibh iád do throsgadh. A deirimsi ribh go fírrineach, Go bhfuil a ttúarasdal aca.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus nuair a bheidh sibh ag déanamh trosgaidh ná bídhidh gruamdha ar nós na bhfeallairí; óir doirchighid siad a gceannacha, i dtreó go samhlóchadh na daoine iad a bheith ag déanamh trosgaidh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 “Nuair a dhéanann sibh troscadh, ná bígí gruama mar a bhíonn na bréag-chráifigh: milleann siad sin a gceannaithe chun go mba léir do chách iad a bheith ina dtroscadh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 “Nuair a dhéanann sibh troscadh, ná bígí gruama mar a bhíonn na bréagchráifigh: milleann siad sin a gceannaithe chun go mba léir do chách iad a bheith ina dtroscadh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 6:16
25 Tagairtí Cros  

Seachnaidh agus ná déanaidh bhúr ndeagh‐ghníomhartha i bhfiadhnaise na ndaoine i dtreo go bhfeicfidís sibh, nó ní bhéidh aon luach saothair le fágháil agaibh ó bhúr nAthair atá ar neamh.


Ar an adhbhar sin, nuair bhíos tú ag tabhairt déirce, ná séid aon adharc rómhat, mar do‐ghní lucht an fhuar‐chrábhaidh ins na sionagógaibh agus ar na sráidibh, d’fhonn onóir d’fhágháil ó na daoinibh. Go fírinneach adeirim libh go bhfuil a luach saothair fághálta aca.


Agus nuair bhíos sibh ag déanamh urnaighe, ná bidhidh mar lucht an fhuar‐chrábhaidh, gur maith leo urnaighe do dhéanamh agus iad ’n‐a seasamh ins na sionagógaibh agus ag cúinnibh na sráideann, chum go bhfeicfeadh na daoine iad. Go fírinneach adeirim libh, go bhfuil a luach saothair fághálta aca.


Agus do bhí deisceabail Eoin agus na Fairisínigh ag déanamh troscaidh: agus thángadar‐san agus adubhradar leis, Cad chuige a ndéanann deisceabail Eoin agus na bhFairisíneach troscadh, agus nach ndéanann do dheisceabail‐se troscadh?


Do‐ghním troscadh dhá uair sa tseachtmhain, íocaim an deachmhadh ar gach a bhfaghaim.


agus do bhí sí ’n‐a baintreabhaigh le ceithre bliadhna agus ceithre fichid; níor imthigh sí ó’n teampall, acht í ag adhradh d’oidhche agus de ló le troscadh agus le h‐urnaighthibh.


Agus adubhairt Cornélius, Ceithre lá ó shoin, go dtí an uair seo, do bhíos ag guidhe ar an naomhadh h‐uair im’ thigh: agus féach, do bhí fear ’n‐a sheasamh im’ fhiadhnaise agus éadach geal air,


Agus tar éis seanóirí do thoghadh dhóibh ins gach eaglais, agus urnaighe agus troscadh do dhéanamh, d’fhágadar iad fá choimirce an Tighearna, go raibh a gcreideamh ann.


Ná h‐eitighidh a chéile, munab de thoil a chéile é ar feadh tamaill, chum go gcromfaidh sibh ar urnaighe, agus annsin tagaidh le chéile arís, ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh mar gheall ar neamh‐gheamnaidheacht.


i saothar agus i gcruadhtan, i bhfaireachán go minic, i dtroscadh go minic, fá ocras agus fá lomnochtaighe.


i gcruadhtan, i riachtanas, i ngéibheann, i mbuillibh, i bpríosúnaibh, i n‐achrannaibh, i ndian‐tsaothar, i bhfaireachán, i dtroscaidhibh;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí