Annsin d’imthigh na Fairisínigh, agus do chuadar i gcómhairle g‐á mheabhrú cionnas do chuirfidís i dteannta é sa gcainnt.
Lúcás 11:54 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) ag faire na faille air, le súil go bhfaghfaidís focal ó n‐a bhéal do bhraithfeadh é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ag déanamh ceilge air, agus ag dréim le breith ar rud éigin as a bhéal, le cur ina leith. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ag luigheachan air, agus ag iárraidh neither éigin do ghreamughadh as a bhéul, ann a naigeóraidis é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ag déanamh fill air, a d’iarraidh go dtógfaidís suas focal éigin uaidh agus go gcuirfidís ’n-a leith é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 iad in oirchill air chun greim a fháil ar fhocal éigin as a bhéal. An Bíobla Naofa 1981 iad in oirchill air chun greim a fháil ar fhocal éigin as a bhéal. |
Annsin d’imthigh na Fairisínigh, agus do chuadar i gcómhairle g‐á mheabhrú cionnas do chuirfidís i dteannta é sa gcainnt.
Acht d’aithin Íosa a mailís, agus adubhairt sé, Cad chuige dhaoibh bheith ag cur cathuighthe orm, a lucht an fhuar‐chrábhaidh?
Agus do chuireadar chuige cuid de na Fairisíneachaibh, agus de mhuinntir Ioruaith, chum go gcuirfidís i dteannta é sa gcainnt.
Agus do bhíodar ag faire an leigheasfadh sé é, lá na sabóide: le súil go mbéadh cúis aca air.
Agus nuair do bhí sé imthighthe as an áit sin, do thosnuigh na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh ar aighneas do chur air go dian, g‐á spreagadh chum cainnte ar mhórán neithe,
Agus d’fhaireadar air, agus do chuireadar uatha spíodóirí, do leig ortha féin gur dhaoine fíréanta iad, go gcuirfidís i dteannta é sa gcainnt, chum go dtiubhraidís suas do chumhacht agus d’ughdarás an cheann‐phuirt é.
Agus níor fhéadadar aon mhí‐chiall do bhaint as an gcainnt i láthair na ndaoine; agus do chuir an freagra iongnadh mór ortha, agus d’fhanadar ’n‐a dtost.
óir atá breis agus dá fhichid duine ag faire i gceilg air, agus iad fá cheangal móide gan biadh d’ithe ná braon d’ól nó go raibh sé marbh aca: agus atáid ullamh anois féin, ag feitheamh leis an ngeallamhain uait‐se.