Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Acht d’aithin Íosa a mailís, agus adubhairt sé, Cad chuige dhaoibh bheith ag cur cathuighthe orm, a lucht an fhuar‐chrábhaidh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

18 Ach ó ba léir dʼÍosa an mírún a bhí ina gcroíthe, dúirt sé, “Cad chuige a bhfuil sibh ag cur féachaint orm, a lucht na fimíneachta?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

18 Acht bhí fios a n-urchóide ag Íosa, agus dubhairt sé: A lucht na ceilge, cad chuige a bhfuil sibh ag cur féachála orm?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus ar naíthne a mailíse Diósa a dubhairt sé, Créd fa a gcuirthí cathughadh oram, a luchd an fhúarchrábhaigh?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Ach bhí fios a ndroch-aigne ag Íosa agus dubhairt sé: A chluan-uidhthe, cad chuige dhaoibh bheith a’m brath?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

18 Ach bhí a fhios ag Íosa an mhallaitheacht a bhí iontu agus dúirt: “Cad ab áil libh ag baint trialach asam, a bhréagchráifeacha? Taispeánaigí bonn na cánach dom,”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

18 Ach bhí a fhios ag Íosa an mhallaitheacht a bhí iontu agus dúirt: “Cad ab áil libh ag baint trialach asam, a bhréagchráifeacha? Taispeánaigí bonn na cánach dom,”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:18
15 Tagairtí Cros  

Agus ar n‐a fheicsin sin d’Íosa, d’imthigh sé as an áit sin: agus do lean a lán daoine é;


Agus tháinig Fairisínigh chuige g‐á thriail, agus iad g‐á rádh, An dleaghthach do dhuine a bhean do chur uaidh ar adhbhar ar bith?


Innis dúinn, mar sin, créad é do mheas? An dleaghthach cáin do thabhairt do Chéasar, nó gan a tabhairt?


Taisbeán dom airgead na cánach. Agus thugadar pinginn dó.


Agus do chuir sé duine eile chuca; agus do mharbhadar é: agus a lán eile; do ghabhadar ar chuid aca, agus do mharbhadar cuid eile.


Agus ar an láthair, ar n‐a fheiscin d’Íosa, ’n‐a spioraid féin, an machtnamh do bhi ’n‐a n‐aigne aca, adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheit ag machtnamh mar sin i n‐bhúr gcroidheachaibh?


Agus féach, d’éirigh fear dlighe ’n‐a sheasamh, agus do bhain sé triail as, g‐á rádh, A Mháighistir, créad atá le déanamh agam chum na beathadh síorraidhe d’fhágháil mar oighreacht.


Acht d’aithin sé a gcealg, agus adubhairt sé leo, Taisbeánaidh pinginn dom.


Acht ó ba léir d’Íosa a smaointe, d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo. Cad chuige dhaoibh bheith ag ceasnú i n‐bhúr gcroidhthibh?


Agus nuair thug Íosa fá deara an machtnamh do bhí ’n‐a gcroidhe, do rug sé ar leanbh beag, agus do chuir sé ’n‐a sheasamh le n‐a ais é,


agus nár theastuigh uaidh teist ar an duine d’fhágháil ó aoinneach; óir do b’eol dó féin créad do bhí sa duine.


Acht g‐á thriail adubhradar é sin, le súil go bhféadfaidís rud éigin do chur ’n‐a leith. Acht do chrom Íosa síos, agus do bhí sé ag scríobhadh le n‐a mhéir ar an talamh.


Annsin adubhairt Peadar léi, Caidé thug oraibh, beirt, fromhadh do thabhairt ar Spiorad an Tighearna? féach, atá cosa na ndaoine d’adhlaic t’fhear ag an doras, agus tógfaidh siad thusa amach.


Agus imreochad bás ar a clainn; agus tuigfidh na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduigheas na dubháin agus na croidheacha: agus do‐bhéarfad do gach duine agaibh do réir bhur ngníomhartha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí