Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 11:54 - An Bíobla Naofa 1981

54 iad in oirchill air chun greim a fháil ar fhocal éigin as a bhéal.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

54 Ag déanamh ceilge air, agus ag dréim le breith ar rud éigin as a bhéal, le cur ina leith.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

54 ag faire na faille air, le súil go bhfaghfaidís focal ó n‐a bhéal do bhraithfeadh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

54 Ag luigheachan air, agus ag iárraidh neither éigin do ghreamughadh as a bhéul, ann a naigeóraidis é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

54 Ag déanamh fill air, a d’iarraidh go dtógfaidís suas focal éigin uaidh agus go gcuirfidís ’n-a leith é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

54 iad in oirchill air chun greim a fháil ar fhocal éigin as a bhéal.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 11:54
12 Tagairtí Cros  

Nuair a léigh rí Iosrael an litir, stróic sé a chuid éadaigh agus dúirt: “An dia mise, údar báis agus beatha, agus a rá gur iarr an fear seo orm duine a leigheas óna lobhra? Éist leis seo agus tabhair é faoi deara agus feicfidh tú gur ag iarraidh achrann a adhaint liom atá sé.”


D'imigh na Fairisínigh ansin ag déanamh comhairle le chéile chun go mbéarfaidís i ngaiste air sa chaint,


Ach bhí a fhios ag Íosa an mhallaitheacht a bhí iontu agus dúirt: “Cad ab áil libh ag baint trialach asam, a bhréagchráifeacha? Taispeánaigí bonn na cánach dom,”


agus duine acu, a bhí ina dhlíodóir, chuir sé ceist air ag baint trialach as:


Agus chuir siad chuige cuid de na Fairisínigh agus de na Héaródaigh chun breith air ina chaint.


agus bhíodar ag faire air féachaint an leigheasfadh sé é lá na sabóide chun go gciontóidís é.


Agus ar dhul amach as sin dó, thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag cothú na mioscaise chuige thar fóir agus á shaighdeadh chun cainte faoi iomad nithe,


Ansin, ag faire na faille dóibh, chuir siad brathadóirí chuige a ligfeadh orthu bheith ina bhfíréin, chun go mbéarfaidís air ina chaint, ionas go dtabharfaí suas é do smacht agus d'údarás an ghobharnóra.


Agus níor fhéad siad breith air i bhfocal ar bith i bhfianaise an phobail, agus, ó b'ionadh leo a fhreagra, d'fhan siad ina dtost.


Ach ná déansa rud orthu, mar tá breis agus daichead duine acu ag déanamh luíocháin air mar tá siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeidh sé curtha den saol acu. Tá siad ullamh anois chuige agus iad ag feitheamh le gealltanas uaitse.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí