Impidhim oraibh, a bhráithre, d’á bhrigh sin, as ucht trócaire Dé, bhur gcuirp do thairgsin mar bheoíodhbairt naomhtha thaithneamhach do Dhia, mar is gníomh adhartha réasúnta agaibh é.
Filéamón 1:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) is é is fearr liom impidhe do dhéanamh ort, ar son an ghrádha, agus gur mise Pól atá im’ shean‐fhear, agus im’ phríosúnach anois ar son Íosa Críost: An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) is é is fearr liom a impi ort ar ghrá Dé—is ea, mise Pól, a bhíodh i mʼambasadóir agus atá anois i mo bhraighdeanach ar son Íosa an Críost— An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Gidheadh cheana tré ghrádh is usa liom impidhe chur ort, ar mbeíth dhamh mar Phól fhoirfe, agus a noir fós um phríosúnach ar son Iósa Críosd. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 is fearr liom as ucht an mhuintearais é a iarraidh dʼachainí ort–mise Pól, atá i mo thoscaire agus i mo ghéibheannach freisin faoi láthair thar ceann Íosa Críost, An Bíobla Naofa 1981 is fearr liom as ucht an mhuintearais é a iarraidh d'achainí ort - mise Pól, atá i mo thoscaire agus i mo ghéibheannach freisin faoi láthair thar ceann Íosa Críost, |
Impidhim oraibh, a bhráithre, d’á bhrigh sin, as ucht trócaire Dé, bhur gcuirp do thairgsin mar bheoíodhbairt naomhtha thaithneamhach do Dhia, mar is gníomh adhartha réasúnta agaibh é.
Mar sin de atáimíd ’n‐ár dtaidhleoiribh ar son Chríost, amhail mar bhéadh Dia ag impidhe oraibh trínne: impighmíd oraibh as ucht Chríost réidhteach do dhéanamh le Dia.
Agus ag obair i n‐éinfheacht leis dúinne, impighmíd oraibh gan grása Dé do ghlacadh go díomhaoin.
Uime sin, impidhim‐se, príosúnach ar son an Tighearna, impidhim oraibh bhur saoghal do riaradh mar ba chóir do dhaoinibh fuair an ghairm fuarabhair‐se, le gach umhlacht agus ceannsacht,
go bhfuilim im’ thaidhleoir fá chuibhreachaibh ar a shon: chum go labharfad ’n‐a thaobh gan scáth, mar ba cheart dom labhairt.
Do‐bheirim buidheachas leis an té thug cumas dom, Íosa Críost ár dTighearna, do mheas gur dhuine iontaobhtha mé, ’gam’ thoghadh le h‐aghaidh a sheirbhíse:
is é sin go mba ceart do na daoinibh aosta bheith staidéartha, modhamhail, stuamdha, slán san gcreideamh, san ngrádh, san bhfoidhne:
Agus is móide impidhim oraibh é seo do dhéanamh, gur luaithe‐de gheobhas sibh ar ais mé ’n‐bhur measc.
A cháirde ionmhaine, impidhim oraibh, mar dheoraidhthe agus mar oilithrigh, staonadh ó na h‐ainmhiantaibh colnaidhe do‐ghní troid i n‐aghaidh an anma.