Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Filéamón 1:9 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Gidheadh cheana tré ghrádh is usa liom impidhe chur ort, ar mbeíth dhamh mar Phól fhoirfe, agus a noir fós um phríosúnach ar son Iósa Críosd.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 is é is fearr liom a impi ort ar ghrá Dé—is ea, mise Pól, a bhíodh i mʼambasadóir agus atá anois i mo bhraighdeanach ar son Íosa an Críost—

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 is é is fearr liom impidhe do dhéanamh ort, ar son an ghrádha, agus gur mise Pól atá im’ shean‐fhear, agus im’ phríosúnach anois ar son Íosa Críost:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 is fearr liom as ucht an mhuintearais é a iarraidh dʼachainí ort–mise Pól, atá i mo thoscaire agus i mo ghéibheannach freisin faoi láthair thar ceann Íosa Críost,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 is fearr liom as ucht an mhuintearais é a iarraidh d'achainí ort - mise Pól, atá i mo thoscaire agus i mo ghéibheannach freisin faoi láthair thar ceann Íosa Críost,

Féach an chaibidil Cóip




Filéamón 1:9
17 Tagairtí Cros  

Anois fós a núair atáim sean agus líath, a Dhé, ná tréig mé; go ttaisbeana mé do neart don ghinealachso, agus do chumhachda do nuile dhuine thiucfas.


Ná teilg seachad mé a naimsir mo sheanaoise; a nuáir fhaillighios mo neart nа tréig mé.


Is coróin ghlóire an ceann líath, ar na fhághail a slighe a nionracuis.


Agus go nuige a naóis fhoirfe is misi féin é; agus fós go nuige an bhfolt líath iomchora mé: is misi do rinne, agus is mé iomchorus; iomchora mé, agus sáorfa mé sibh.


Ar a nadhbharsin sirim dathchuinge oraibh, a dhearbhraithreacha, tré trócaire Dé, bhur gcuirp do thabhairt na bhéo-iodhbairt, náomhtha, geanamhail do Dhía, bhur seirbhís réusúnta.


Uime sin is teachdaireadha sinn as uchd Chríosd, amhuil do chuirfeadh día impidhe oruibhsi thrídne: iarrmaóidni dathchuinge oruibh as uchd Chríosd, bíghidh réidh ré Día.


Agus ar mbeith dhúinne, ag cungnamh rision, íarrmuid fós dathchuinghe oruibh gan ghrás Dé do ghabhail chuguibh do díomhaóin.


Oír atá sibh uile bhur gcloinn ag Día tré chreideamh a Niósa Críosd.


Ar a nadhbharsa atáimse Pól, um bhráighe Díosa Críosd ar bhur sonsa a Chíneadhacha,


Uime sin, sirimse air mbeith um bhráighe ar son an Tíghearna, dathchuimghe oruibh síubhal dáoibh mar is iomchubhaidh do ghairm chum ar goireadh sibh,


Dá bhfuilim um theachdaire a ngéibheann: ionnus go ndéunuinn danachd labhartha as, mar as éigean damh lábhairt.


Ar a nadhbharsin beirim buidheachas ris an tí do neartuigh mé, Iósa Críosd ar Dtíghearna, do bhrígh gur mheas sé mo bheith díleas, dom chur sa miniosdralachd;


Eadhon dáoine áosda do bheith aireach, trómgha, measárgha, diongmhálta a gcréideamh, a ngrádh, agus a bhfoighid.


Agus as móide shírim so oruibh, ionnus go madh lúathaide gheábhus sibh mé aiseag dhíbh a rís.


A chaired grádhach, íarruim dathchuinge oruibh mar dhéoruidhibh agus oilirthibh, sibh féin do sheachna ar ainmhíanuibh na colla, noch bhíos ag cáthughadh a naghuidh a nanma.


Agus is amhluigh bhías, a nuáir thiocfaid a naithre nó a ndearbhráithre do chasaóid rinne, go naibéoram ríu, Bithi muinnteardha ríu air ar soinne: do chionn nar shábhálamar a bhean féin dá gach nduine annsa chogadh: óir ní sibhsi thug dhóibh a nuairsi, as go mbíadh sibh ciontach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí