2 Corantaigh 5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Óir is eol dúinn, má scriostar an pailliún so ’n‐a gcómhnuighmíd ar talamh, go bhfuil áitreabh ó Dhia againn, teach nach ndearnadh le lámhaibh, atá síorraidhe, ins na flaitheasaibh. 2 Óir bímíd ag osnaighil san bpailliún so, ag súil le clúdach ár n‐áitreabha atá ó neamh: 3 mar dhúil is go mbéidh clúdach orainn; ar mhodh nach bhfaighfear sinn lomnocht. 4 Óir chómh fada is bhímíd san bpailliún so bímíd ag osnaighil, agus sinn fá throm‐ualach; ní h‐é go mba mhian linn bheith gan clúdach, acht bheith clúduighthe, chum go sluigfidhe a bhfuil so‐mharbhtha leis an mbeathaidh. 5 Anois an té do chruthuigh chuige seo sinn is é Dia é, thug éirlis an Spioraid dúinn. 6 Uime sin atá meanma againn i gcómhnaidhe, agus atá a fhios againn, chómh fada agus bhímíd ’n‐ár gcómhnaidhe san gcolainn, go bhfuilmíd as baile ó’n Tighearna 7 (óir is do réir creidimh shiubhlaimíd, agus ní do réir radhairc); 8 atá meanma againn, agus is mó dob’ áil linn bheith as baile ó’n gcolainn agus bheith ’n‐ár gcómhnaidhe san Tighearna. 9 Uime sin, cia aca san mbaile nó as baile dhúinn, is é chuirimíd rómhainn a dheaghthoil do dhéanamh. 10 Óir caithfimíd uile dul i láthair cathaoireach breitheamhnais Chríost; chum go bhfaigheadh gach aoinneach cúiteamh a ndearna sé san gcolainn, do réir a ghníomhartha, cia aca maith nó olc iad. 11 Mar sin de, de bhrigh gur ab eol dúinn eagla an Tighearna, táimíd d’iarraidh na daoine do spreagadh, agus aithnigheann Dia sinn; agus atá súil againn go n‐aithnigheann sibh‐se ’n‐bhur gcroidheachaibh sinn, leis. 12 Ní fhuilmíd g‐ár moladh féin arís daoibh, acht atáimíd ag tabhairt faille dhaoibh bheith gár moladh, chum go mbéidh freagra agaibh do’n dream do‐ghní bród do réir deallraimh, ní do réir croidhe. 13 Óir má táimíd ar easbaidh céille, is ar son Dé é; nó má táimíd ’n‐ár gcéill, is ar bhur son‐sa é. 14 Óir atá grádh Chríost d’ár mbrostú, mar is amhlaidh bhreathnuighmíd, má fuair duine amháin bás ar son an uile dhuine, go bhfuaradar uile bás; 15 agus go bhfuair seisean bás ar son an uile dhuine; chum nach mairfeadh siad‐san atá beo dhóibh féin as sin amach, acht do’n té fuair bás agus d’aiséirigh ar a son. 16 Ar an adhbhar sin, ní aithnighmíd aon duine feasta do réir na colna: má’s fíor féin go raibh aithne againn ar Chríost do réir na colna, ní fhuil aithne againn air ar an gcuma sin anois. 17 Ar an adhbhar sin, má tá aoinneach i gCríost, is duine úr‐nua é: atá deireadh leis na sean‐neithibh; atáid déanta as an nua. 18 Agus is ó Dhia atá gach uile nidh, do réidhtigh leis féin sinn tré Chríost, agus thug miniostrálacht an réidhtigh dhúinn, 19 is é sin, go raibh Dia i gCríost ag réidhteach an tsaoghail leis féin, gan cionnta na ndaoine do chur ’n‐a leith: agus thug sé dhúinn briathar an réidhtigh. 20 Mar sin de atáimíd ’n‐ár dtaidhleoiribh ar son Chríost, amhail mar bhéadh Dia ag impidhe oraibh trínne: impighmíd oraibh as ucht Chríost réidhteach do dhéanamh le Dia. 21 Óir thug sé airsean, do bhí gan eolas ar an bpeacadh, thug sé air bheith ’n‐a pheacadh ar ár son, chum go ndéanfaidhe fíréantacht Dé dhínne ann. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society