Títeas 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Acht labhair‐se na neithe oireas do’n teagasc fóghanta: 2 is é sin go mba ceart do na daoinibh aosta bheith staidéartha, modhamhail, stuamdha, slán san gcreideamh, san ngrádh, san bhfoidhne: 3 go mba ceart do na mnáibh aosta, leis, bheith urramach ’n‐a n‐iomchar, gan bheith bíodánach, gan an‐dúil bheith aca san bhfíon, bheith ag tabhairt teagaisc mhaith; 4 chum go múinfidh siad do na mnáibh óga grádh do thabhairt d’á bhfearaibh agus d’á gclainn, 5 bheith stuamdha, geanmaidhe, go dícheallach i ngnóthaibh an tighe, bheith cáirdeamhail, umhal d’á bhfearaibh féin, chum nach maslóchar briathar Dé. 6 Spreag na fir óga, mar an gcéadna, chum bheith staidéartha: 7 dod’ thaisbeáint féin ar gach slighe mar shompla i dtaobh deagh‐ghníomhartha; ag tabhairt teagaisc ghlain, chéillidhe, briathar folláin nach féidir locht d’fhágháil air; 8 ar mhodh go gcuirfear náire ar an trasnálaidhe, gan droch‐fhocal bheith fágtha aige le rádh ’n‐ár dtaobh. 9 Spreag na seirbhísigh chum bheith umhal d’á máighistribh féin, agus chum a dtoil do dhéanamh san uile nidh; 10 gan bheith ag ais‐fhreagairt; gan bheith ag mionghadaidheacht, acht an uile dhílse do thaisbeáint; chum onóir ins gach éinnidh do thabhairt do bhriathar Dhé, ár Slánuightheoir. 11 Óir do foillsigheadh grása Dé, ag slánú an uile dhuine, 12 g‐á mhúineadh dhúinn neamhdhiadhacht agus ainmhianta saoghalta do sheachaint, agus ár saoghal do chaitheamh go staidéartha, fíréanta, diadha san ré seo atá de láthair; 13 ag fanamhain le dóchas beannuighthe agus le taisbeánadh glóire an Dé mhóir agus ár Slánuightheora Íosa Críost; 14 thug é féin ar ár son, chum sinn d’fhuascailt ó gach peacadh, agus pobal do ghlanadh dhó féin, pobal díoghraiseach chum deagh‐oibreacha do chleachtadh. 15 Innis na neithe seo dhóibh agus aithbhear le gach ughdarás. Ná leig d’aoinneach beag‐is‐fiú do dhéanamh dhíot. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society