Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Títeas 2:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Óir do foillsigheadh grása Dé, ag slánú an uile dhuine,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Óir nochtadh grásta Dé chun an saol uile a chur ar shlí a shlánaithe,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Oír do shoillsigh gras Dé go deallruigheach do bheir slánughadh ris, chum na nuile dháoineadh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Mar tá grásta Dé foilsithe anois, ag cur slánú ar fáil don uile dhuine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Mar tá grásta Dé foilsithe anois, ag cur slánú ar fáil don uile dhuine.

Féach an chaibidil Cóip




Títeas 2:11
50 Tagairtí Cros  

Imthighidh‐se, d’á bhrigh sin, agus déanaidh deisceabail as na náisiúnaibh go léir, g‐á mbaisteadh i n‐ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh:


Agus adubhairt sé leo, Imthighidh ar fud an domhain uile, agus déanaidh an soiscéal do chraobhscaoileadh do’n chineadh daonna ar fad.


agus go bhfógróchaidhe ’n‐a ainm aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do na cinidheachaibh uile, ag tosnú ó Iarúsalem.


Agus do‐chífidh an uile fheoil slánú Dé.


Agus do‐rinneadh colann de’n Bhriathar, agus do chómhnuigh sé ’n‐ár measc (agus do chonnacamar a ghlóir, amhail glóir Aon‐Mhic an Athar), lán de ghrás agus d’fhírinne.


Do b’é sin an fíor‐sholas shoillsigheas gach uile dhuine, ag teacht ar an saoghal.


agus nuair tháinig seisean, agus nuair do chonnaic sé grása Dé, bhí áthas air; agus do spreag sé iad go léir go gclaoidhfidís le díoghrais croidhe do’n Tighearna:


Agus nuair do cuireadh scaipeadh ar an sionagóig, do lean a lán de na h‐Iúdachaibh agus de na prosélíteachaibh cráibhtheacha Pól agus Barnabas: do labhradar‐san leo, g‐á spreagadh chum fanamhna i ngrás Dé.


Óir is é an t‐órdú thug an Tighearna dhúinn, Do chuireas mar sholas do na Geintibh thú, Chum go mbeitheá mar adhbhar slánuighthe go foirimeall an domhain.


Do leig Dia aimsear an ainbhfiosa thairis, acht anois atá sé g‐á fhógairt do na daoinibh ins gach aon áit aithrighe do dhéanamh:


Acht ní h‐é m’anam is cás liom, mar bhéadh cion agam air, acht go gcóimhlíonfad mo chúrsa, agus an mhiniostrálacht fuaras ó’n Tighearna Íosa soiscéal grása Dé do chraobhscaoileadh.


Acht fiafruighim‐se, Nár airigheadar? D’airigheadar cinnte, Do leath a nglór ar fud an domhain uile, Agus a mbriathra go foircheann an domhain.


Acht ní mar a chéile do’n tsaor‐bhronntanas agus do’n chionnta. Óir má’s de bhárr cionnta duine amháin fuair mórán bás, is mó ’ná sin go mór do mhéaduigh do mhórán grása Dé agus an bronntanas tré ghrása duine amháin, is é sin Íosa Críost.


tré n‐a bhfuaramar, leis, slighe tré chreideamh chum an ghrása so ’n‐a bhfuil ár seasamh, agus atá gáirdeachas orainn ag súil le glóir Dé.


Agus ag obair i n‐éinfheacht leis dúinne, impighmíd oraibh gan grása Dé do ghlacadh go díomhaoin.


Ní ag cur grása Dé ar ceal atáim: óir má’s tríd an dlighe gheibhtear fíréantacht, is i n‐aisce fuair Críost bás.


nuair bhíomar marbh de dheascaibh ár gcionnta, do bheodhuigh sé i n‐éinfheacht le Críost sinn (is tré ghrása do slánuigheadh sibh), agus do thóg sé suas sinn i n‐éinfheacht leis,


óir is le grása do slán uigheadh sibh tré chreideamh; ní uaibh féin é: bronntanas Dé is eadh é:


acht go seasuighidh sibh go daingean ar bhun an chreidimh, gan casadh i leathtaobh ó dhóchas an tsoiscéil do chualabhar, do craobhscaoileadh i measc gach a bhfuil cruthuighthe fá neamh, go bhfuilim‐se Pól im’ mhinistir de.


tháinig chugaibh‐se; fá mar tá sé ag tabhairt tortha ar fud an domhain, agus ag dul i méid, mar tá sé ’n‐bhur measc‐na, leis, ó’n lá ’n‐a gcualabhar agus ’n‐a bhfuarabhar eolas ar ghrása Dé i bhfírinne;


Anois go dtugaidh ár dTighearna Íosa Críost féin agus Dia ár nAthair, do ghrádhuigh sinn, agus thug sólás síorraidhe agus deagh‐dhóchas dúinn tré ghrása, go dtugaidh sé sólás croidhe dhaoibh,


agus do mhéaduigh grása ár dTighearna go mór, le creideamh agus leis an ngrádh atá i nÍosa Críost.


gur mian leis go slánuightidhe na daoine uile agus go bhfaighdís lán‐eolas ar an bhfírinne.


acht atá foillsighthe anois tré thaisbeánadh ár Slánuightheora Íosa Críost, do chuir an bás ar ceal, agus thug an bheatha agus an do‐mharbhthacht chum solais tríd an soiscéal,


Acht do sheas an Tighearna lem’ ais, agus thug sé neart dom, chum go bhfógróchaidhe an teachtaireacht go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeadh na Cineadhacha go léir í: agus do saoradh mé ó bhéal an leomhain.


ag féachain chuige ar eagla go gclisfeadh ar aoinneach fá ghrása Dé; ar eagla go bhfásfadh aon fhréamh seirbhe do bhéadh mar adhbhar buaidheartha, agus go dtruailleochaidhe mórán d’á dheascaibh;


Acht chímíd Íosa, do rinneadh níb’ ísle ’ná na h‐aingle ar feadh tamaill bhig, chímíd i gcoróin na glóire agus na h‐onóra é, toisc an bás d’fhulang, chum, tré ghrása Dé, go mblaisfeadh sé bás ar son gach uile dhuine.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí