Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Títeas 2:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 gan bheith ag ais‐fhreagairt; gan bheith ag mionghadaidheacht, acht an uile dhílse do thaisbeáint; chum onóir ins gach éinnidh do thabhairt do bhriathar Dhé, ár Slánuightheoir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 ná bradach, ach go dílis dáiríre, ar nós a chuirfeadh maise ar theagasc Dé ár Slánaitheoir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Gan éinní dha gcuid do théultógh úatha, achd a nuile choinghioll maith do tháisbéunadh dhóibh; ionnus go ndéunaidís teagusg Dé ar Slánaightheóra taitneamhach ar gach éunchor.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 nó ag déanamh mionghadaíochta, cruthaídís go bhfuil siad dílis ar fad, agus sa tslí sin tabhóidh siad clú do theagasc Dé, ár Slánaitheoir, i ngach ní.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 nó ag déanamh mionghadaíochta, cruthaídís go bhfuil siad dílis ar fad, agus sa tslí sin tabhóidh siad clú do theagasc Dé, ár slánaitheoir, i ngach ní.

Féach an chaibidil Cóip




Títeas 2:10
29 Tagairtí Cros  

Cia h‐é, mar sin, an seirbhíseach cóir, céillidhe, do chuir a thighearna i gceannas muinntire a thighe chum a mbiadh do thabhairt dóibh i dtráth?


Bíodh bhúr solas‐sa ag deallrú ar an gcuma sin i bhfiadhnaise na ndaoine, ionnas go bhfeicfidh siad bhúr ndeaghoibreacha, agus go molfaidh siad bhúr n‐Athair atá ar neamh.


Agus do‐rinne mo spioraid gáirdeachas i nDia mo Shlánuightheoir.


Agus d’fhás an leanbh, agus do neartuigh sé ’n‐a spioraid, agus d’fhan sé ins an bhfásach go dtí an lá ’n‐a raibh air a fhoillsiú féin d’Israel.


An té bhíos dílis san rud beag, bíonn sé dílis i rud mór: agus an té bhíos mí‐dhílis sa rud beag, bíonn sé mí‐dhílis i mórán, chómh maith.


Ní h‐é go raibh spéis aige ins na bochtaibh go ndubhairt sé sin; acht gur ghadaidhe é, agus gurbh é do bhí i mbun bosca an airgid, agus go mbíodh sé ag goid a gcuirtidhe ann.


Thairis sin is é rud éilightear ar mhaoraibh bheith dílis.


Uime sin, impidhim‐se, príosúnach ar son an Tighearna, impidhim oraibh bhur saoghal do riaradh mar ba chóir do dhaoinibh fuair an ghairm fuarabhair‐se, le gach umhlacht agus ceannsacht,


Acht amháin caithidh bhur saoghal mar d’oirfeadh do shoiscéal Chríost; ar chuma, cia aca thigim agus chím sibh, nó bhím as láthair, go mbéidh a fhios agam ’n‐bhur dtaobh go bhfuil sibh ag seasamh i n‐aon spiorad amháin, sibh ar aon‐intinn amháin ag déanamh lán bhur ndíchill ar son creidimh an tsoiscéil;


I ndeireadh scéil, a bhráithre, gach a bhfuil fíor, gach a bhfuil uasal, gach a bhfuil glan, gach a bhfuil ’n‐a dhíol grádha, gach a bhfuil fá dheagh‐chlú; gach subháilce, gach éinnidh atá ionmholta, gur ab ortha sin bhéas sibh ag smaoineadh.


Pól, abstal Íosa Críost ar órdú Dé ár Slánuightheoir, agus Íosa Críost, ughdar ár ndóchais;


Meastar gur fiú a dhá oiread d’onóir na seanóirí riaghluigheas go maith, iad‐san go mór‐mhór go mbíonn an tseanmóireacht agus an teagasc mar shaothar aca.


Measadh siad‐san uile atá fá chuing na sclábhaidheachta gur fiú a máighistrí féin gach urraim, chum nach bhfaighidh ainm Dé agus an teagasc scannal.


Má mhúineann aoinneach a mhalairt de theagasc, agus muna gclaoidheann sé le briathraibh fóghanta, briathra ár dTighearna Íosa Críost, agus leis an teagasc atá do réir crábhaidh;


acht d’fhoillsigh a bhriathar san am oireamhnach tríd an seanmóireacht do cuireadh mar chuspóir orm‐sa, do réir aithne Dé ár Slánuightheoir;


Acht nuair do nochtadh maitheas agus grádh Dé ár Slánuightheoir do’n duine,


Bíodh deagh‐iomchar macánta i measc na bPágánach agaibh; chum, gidh go labhrann siad ’n‐bhur n‐aghaidh amhail mar bhéadh sibh ’nbhur lucht mí‐ghnímh, go dtugaidh siad fá deara bhur ngníomhartha maithe, agus go dtugaidh siad glóir do Dhia i ló na cuarta.


acht a dhéanamh go ciúin, ómósach, agus coinsias maith bheith agaibh; ionnas, nuair labhartar ’n‐bhur n‐aghaidh, go gcuirfear náire ortha‐san mhasluigheas bhur ndeaghiomchar i gCríost.


Cibé duine théigheas ceann ar aghaidh agus nach gcómhnuigheann i dteagasc Chríost, ní fhuil Dia aige: cibé duine chómhnuigheas san teagasc sin atá an tAthair agus an Mac aige.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí