Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Títeas 2:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 go mba ceart do na mnáibh aosta, leis, bheith urramach ’n‐a n‐iomchar, gan bheith bíodánach, gan an‐dúil bheith aca san bhfíon, bheith ag tabhairt teagaisc mhaith;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Abair mar an gcéanna leis na seanmhná bheith dea-bhéasach ina ndóigheanna, gan bheith cúlchainteach ná tugtha don ól; ach ag tabhairt dea-theagaisc uathu,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Na mná áosda mar an gcéudna, a naibíd iomchubhaidh do náomhthachd, gan bheith na luchd eílighe go héugcoir, gan íad féin do thabhairt go hiomarcach dfíon, na luchd teaguisg neitheann maith;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Abair leis na mná scothaosta mar an gcéanna iad féin a iompar mar a oireann do mhná diaganta, gan a bheith cúlchainteach ná tugtha don ól ach iad a thabhairt dea-theagaisc

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Abair leis na mná scothaosta mar an gcéanna iad féin a iompar mar a oireann do mhná diaganta, gan bheith cúlchainteach ná tugtha don ól ach iad a thabhairt dea-theagaisc

Féach an chaibidil Cóip




Títeas 2:3
13 Tagairtí Cros  

do líonadh iad d’olcas, de chuirptheacht, de shainnt, de mhailís; do bhíodar lán d’fhormad, de dhúnmharbhadh, d’achrann, de cheilg, de dhroch‐rún;


go nglacaidh sibh chugaib í san Tighearna, mar ba dual do na naomhaibh, agus go gcuidighidh sibh léi i n‐aon ghnó ’n‐a mbéidh bhur gcongnamh de dhith uirthi; óir go deimhin thug sí féin congnamh d’á lán daoine, agus damh‐sa, leis.


Acht striapachas, agus gach saghas neamh‐ghlaine, nó sainnt, ná déantar oiread agus a n‐ainmniú ’n‐bhur measc, mar ba chóir do naomhaibh;


Agus ar an gcuma chéadna, ní foláir do na mnáibh bheith stuamdha, gan bheith bíodánach, acht bheith macánta, dílis san uile nidh.


Ar an gcuma chéadna ní foláir do na deochanaibh bheith stuamdha, gan teanga‐liom‐leat bheith aca, gan bheith tugtha do mhórán fíona, gan bheith sanntach i ndroch‐éadáil;


Ná h‐ól uisce feasta, acht glac beagán fíona ar mhaithe led’ ghoile agus leis na h‐aicídibh bhíos ort go minic.


Óir ní foláir do’n easboc bheith gan locht, mar ba chóir do mhaor Dé; gan bheith ceanndána, gan bheith feargach, gan bheith tugtha do’n ól, gan bheith buailteach, ná sanntach i n‐airgead neamh‐ghlan;


chum go múinfidh siad do na mnáibh óga grádh do thabhairt d’á bhfearaibh agus d’á gclainn,


Óir nuair ba cheart daoibh fá’n am so bheith ’n‐bhur múinteoiribh, is amhlaidh atá gábhadh agaibh le duine do mhúinfeadh céad‐riaghlacha briathair Dé dhaoibh; agus atá sibh i riocht daoine gur mó atá bainne d’uireasbaidh oraibh’ ná biadh tacamhail.


Acht atá an méid seo agam it’ aghaidh, go bhfulaingeann tú an bhean Iesebel, adeir gur ban‐fháidh í féin; agus múineann agus mealann sí mo sheirbhísigh chum striapachas do chleachtadh, agus chum neithe atá íodhbartha d’íodhalaibh d’ithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí