Agus tháinig an t-Áirseóir agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac Dé órduigh arán a dhéanamh des na clochaibh sin.
Matha 8:29 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus féach, do liúghadar agus dubhradar: Cad é sin dúinne thusa, a Íosa, a Mhic Dé? Ar tháinís anso roim an aimsir chun pionóis a chur orainn? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bʼshiúd iad ag béiceadh, “Cad chuige a bhfuil tú dúinn, a Mhic Dé? Ar tháinig tú lenar gcéasadh roimh am?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus féach, leig siad béic astú, ag rádh: Cad é an bhaint atá againne agus agat-sa le chéile, a Íosa, a Mhic Dé, an dtáinic tú le sinn a phianadh roimh an am? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus, féach, do ghlaodhadar amach agus adubhradar, Cad é an bhaint atá againn leat‐sa, a Mhic Dé? an chum sinn do chiapadh roimh an aimsir tháinig tú? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus, féuchm do éimhgheadar, ag rádh, Créud é ar gcuídne dhiót, a Iósa, Mhic Dé? an dtainic tú ann so dár gcéusadhne roimhe a naimsir? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhac Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?” An Bíobla Naofa 1981 Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhic Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?” |
Agus tháinig an t-Áirseóir agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac Dé órduigh arán a dhéanamh des na clochaibh sin.
Cad í an bhaint atá agatsa agus againne le n-a chéile, a Íosa Nasareit? ar seisean. An chun sinn a mhilleadh a tháinís annso? Tá fhios agam cé h-é thu, Aon Naomhtha Dé.
Agus na h-annspridí truaillighthe, nuair a chídís é, do shléachtaidís dó, agus deiridís go h-árd:
Agus do liúigh sé do ghuth árd agus dubhairt: Cad é an chuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Mhic Dé is aoirde? Iarraim ort i n-ainim Dé gan mé phianadh.
Agus dubhairt: leig dúinn; cad í an bhaint atá againne leat-sa, a Íosa Nasareit? An chun sinn a mhilleadh do tháinís? Tá ’fhios agam ce h-é thu, Aon Naomhtha Dé.
Agus nuair a bhíodh na deamhain ag imtheacht amach as a lán daoine bhídís ag liúirigh, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smachtuigheadh sé iad agus ní leigeadh sé dhóibh labhairt, óir d’aithnighdís gur bh’é Críost e.
Agus nuair a chonaic sé Íosa do chaith sé é féin ar an dtalamh ’n-a láthair agus do labhair sé do ghuth árd: Cad é an chuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Mhic an Árd-Dhia? Iarraim ort gan mé phianadh.
Agus dubhairt Íosa léi: Cad é sin dómh-sa agus duit-se sin, á bhean? Níor tháinig m’aimsir-se fós.
Agus do lean sí Pól agus sinne, agus í ag liúirigh agus deireadh sí: Seirbhísigh do’n árd-Dhia iseadh na fir sin, agus táid siad ag innsint slighe bhúr slánuighthe dhaoibh.