Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Gníomhartha 16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XVI. Tugann Pól cuaird na n-eagailsí. Glaodhtar é chun seanmóinighthe i Macedonia. Sgiúrsáltar é i bhPhilippí.

1 Agus thainig sé go dtí Derbé agus go dti Listra. agus féach, bhí sa n-áit sin deisgiobul dár bh’ ainim Tímoteus, mac do mhnaoi Iúdach n-a raibh an creideamh aici, agus d’athair gheinteach.

2 Thug na bráithre a bhí i Listra agus i n-Icónium teistiméireacht mhaith ar an bhfear san.

3 Ba mhian le Pól an fear san do dhul leis féin, agus dhein sé tímpallghearradh air mar gheall ar na Iúdaígh a bhí ins na h-áiteanaibh sin. Óir dobh eól dóibh go léir gur gheinteach a athair.

4 Agus ag gabháil tré sna catharachaibh dóibh thugádar do sna daoine le cimeád na reachta a dí déanta ag na h-Aspuil agus ag na seanóirí a bhí i n-Ierúsalem.

5 Agus mar sin bhí na h-eagailsí d’á ndainginiú sa chreideamh agus ag dul i líonmhaire lá

6 Agus nuair a bhíodar ag gabháil tré chrích Phrigia agus Ghalatia do chosg an Spioraid Naomh iad ar bhriathar Dé do labhairt i n-Asia.

7 Agus nuair a thánadar isteach i Misia chuireadar chun dul isteach i mBitinia ach níor leos Spioraid Íosa dhóibh dul ann.

8 Ach tar éis gabháil tré Mhisia chuadar síos go Tróas.

9 agus do taisbeánadh aisling do Pól sa n-oidhche; fear ó Mhacedonia n-a sheasamh, agus é ’ghá ghuidhe, agus deireadh sé: Tar anall go Macedonia agus cabhruigh linne.

10 Agus nuair a chonnaic sé an aisling do cheapamair láithreach dul go Macedonia mar bhíomair deimhnightheach go raibh glaoidhte ag Dia orainn chun craobhsgaoile dhéanamh dóibh.

11 Chuamair an luing, ceann ar aghaidh ó Thróas go dtánamair go Samotrácé, agus go Neápolis an lá ’n-a dhiaidh san,

12 Agus as san go Philippi, príom-chathair sa chuid sin de Mhacedonia agus cathair daoine iasachta. Thugamair rainnt laethanta sa chathair sin, i gcómhairle.

13 Agus lá na sabbóide chuamair amach an geata i n-aice abhan, mar ar samhluigheadh úrnuighthe bheith ar siúbhal, agus do shuidheamair ann agus bhíomair ag cainnt le mnáibh a bhí cruinnighthe ann.

14 Agus bhí bean acu agus Lídia ab ainim di agus bhíod sí ag díol pur-puir i gcathair na dtiathírénach, agus bean diadha ab eadh í. D’airig sí an chainnt agus d’osgail an Tighearna a croidhe chun go n-éistfeadh sí le n-a raibh ag Pól d’á rád,

15 Agus do baisteadh í féin agus a teaghlach, agus ansan d’iarr sí níd: Má ’sé bhur meas (ar sise) go bhfuilimse dílis do’n Tighearna tagaidh isteach am thigh agus fanaid ann. Agus chuir sí fhiachaibh orainn dul.

16 agus do thárla, agus sinn ag dul chun úrnuighthe, go dtáinig ar an slighe rómhainn cailín n-a raibh spioraid phútónach inti. Agus do gheibheadh sí mórán saidhbhris do’n mhuinntir go mba leó í, ag tabhairt feasa uaithi.

17 Agus do lean sí Pól agus sinne, agus í ag liúirigh agus deireadh sí: Seirbhísigh do’n árd-Dhia iseadh na fir sin, agus táid siad ag innsint slighe bhúr slánuighthe dhaoibh.

18 Bhí sí ’ghá dhéanamh san ar feadh mórán laethanta. Do ghoill san an Phól agus d’iompuigh sé agus dubhairt sé leis an spioraid: Deirim leat, i n-ainim Íosa Críost, imtheacht amach aisti. Agus d’imthigh, an uair chéadna.

19 Ansan, nuair a chonnaic an mhuinntir go mba leó í go raibh deire le n-a súil leis an saidhbhreas, do ruga-dar ar Phól agus ar Sílas agus do thugadar leó iad go h-áit an mhargaidh, i láthair na n-uachtarán.

20 Agus chuireadar i láthair na ngiúistísí iad agus dubhradar: Iúdaígh iseadh na daoine seo, agus táid siad ag cur na catharach tré na chéile orainn.

21 Agus tá nós acu dá dteagasc nách dleaghlach dúinne a ghlacadh, mar is Rómhánaigh sinn.

22 Agus do chruinnigh an pobul ’n-a gcoinnibh, agus do stracadh a gcuid éadaigh, agus d’órduigh na giúistísí gabháil de slataibh ortha.

23 Agus do buaileadh mórán buillí ortha agus ansan do cuiread i bpríosún iad, agus dubhradh le fear an phríosúin iad a chimeád go maith.

24 Agus nuair a fuair sé sin an t-órdú san do chuir sé sa charcair ba shia isteach iad agus a gcosa daingean i gceap adhmaid.

25 I lár na h-óidhche, ámhthach, bhí Pól agus Sílas ag déanamh úrnuighthe agus ag moladh Dé, agus bhí na príosúnaigh ag éisteacht leó.

26 Agus go h-obann do tháinig luasgadh talmhan i dtreó go raibh fallaí an phríosúin d’á suathadh go bun. Ansan, siúd na geataí go léir ar osgailt agus na ceangalacha sgaoilte de sna priosúnaigh go léir.

27 Do dúisigh fear cimeádta an phríosúin as a chodla agus nuair a chonnaic sé dóirse an phríosúin ar osgailt cheap sé go raibh na príosúnaigh imighthe agus tharraig sé a chlaidheam as a thruail chun é féin a mharbhadh.

28 Do liúigh Pól air, ámhthach, do ghuth árd agus dubhairt sé: Ná dein aon díobháil duit fhéin; táimíd go léir anso.

29 D’iarr sé solus agus chuaidh sé isteach agus chaith sé é féin ag cosaibh Phóil agus Shílais,

30 Agus thug sé leis amach iad agus dúbhairt sé: A Thighearnaí, cad ’tá le déanamh agam ionus go saorfí me?

31 Agus dubhradar-san: Creid sa Tighearna Íosa agus beidh tú slán, tu féin agus do theaghlach.

32 Agus do labhradar briathar an Tighearna leis féin agus le n-a raibh ’n-a theaghlach.

33 Agus thóg sé iad an tráth céadna de’n oidhche agus do nígh sé a gcneadhacha, agus do baisteadh é féin agus a theaghlach láithreach.

34 agus thug sé isteach ’n-a thigh féin iad agus chuir sé na suidhe chun búird iad, agus bhí gáirdeachas air féin agus an a theaghlach agus a gcreideamh i nDia.

35 Agus nuair a tháinig an lá chuir na giúistísí oificeacha, ’ghá rád: Sgaoilidh uaibh na fir sin.

36 D’innis fear cimeádta an phríosúin an chainnt sin do Phól: Chuir na giúistísí órdú sibh do sgaoile chun siúbhail; anois, dá bhrígh sin téighidh amach agus imthighidh i síothcháin.

37 Dubhairt Pól leó, ámhthach: Is fir Rómhánacha sinn. Do sgiúrsáladh sinn os cómhair an phobuil, gan breith tabhartha orainn, agus do cuiread i bpríosún sinn. An maith leó anois sinn do dhíbirt uatha a gan fhios? Ní bheidh san mar sin.

38 Tagaidís anso, Agus cuiridís féin amach sinn. D’innis na h-oificeacha do sna giúistísíbh an chainnt sin. Tháinig sgannra ortha nuair airíghdar gur bh’ fheara Rómhánacha iad.

39 Thánadar agus d’iarradar maitheamhnachas ortha, agus do rugadar amach iad agus d’iarradar ortha imtheacht as an gcathair.

40 Ach nuair a chuadar-san amach as an dphríosún chuadar isteach i dtigh Lídia, agus chonnacadar na bráithre agus chuireadar sólás ortha. Ansan do ghluaiseadar chun siúbhail.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí