Matha 4:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bhí trosgadh déanta aige ar feadh dachad lá agus dachad oidhche, ansan do tháinig ocras air. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus rinne sé troscadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí an t‑ocras air. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a throsc sé dhá fhichid lá agus dhá fhichid oidhche, bhí ocras air ina dhiaidh sin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do bhí troscadh dá fhichid lá agus dá fhichid oidhche déanta aige, tháinig ocras air ’n‐a dhiaidh sin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do throisg sé dá fhíchiot lá agus dá fhichiot oidhche, do ghabh ocras é na dhíaigh sin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Rinne sé troscadh ar feadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí ocras air. An Bíobla Naofa 1981 Rinne sé troscadh ar feadh daichead lá agus daichead oíche, agus ina dhiaidh sin bhí ocras air. |
Mar, bhí ocras orm, agus thugabhair rud le n-ithe dhom; bhí tart orm, agus thugabhair le n-ól dom; bhíos ar fán, agus thugabhair bheith istigh dom;
Mar, bhí ocras orm, agus níor thugabhair rud le n-ithe dhom; bhí tart orm, agus níor thugabhair deoch dom.
Ar feadh dachad lá, agus do cuireadh cath air ó’n annsprid; agus níor ith sé bia i gcaitheamh na h-aimsire sin; agus nuair a bhí an aimsir caithte tháinig ocras air.
Ansan iseadh bhí tobar Iácóib. Bhí Íosa tuirseach ó’n mbóthar agus do shuidh sé mar sin os cionn an tobair; tímpal an sémhadh h-uair ab eadh é.