An amhlaidh is dóigh leat nách féidir dómh-sa a iarraidh ar m’Athair, agus cuirfidh sé chúgham láithreach níos mó ’ná dhá legión déag aingeal?
Matha 4:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan d’imthigh an t-Áirseóir uaidh, agus féach, tháinig na h-aingil agus dheineadar frithálamh air. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dʼfhág an diabhal ansin é, agus bʼshiúd na haingil ag teacht chuige a fhreastal air. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin d’imthigh an diabhal uaidh; agus féach, tháinic aingle agus rinne siad freastal air. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin d’imthigh an diabhal uaidh, agus féach, tháinig aingil agus do‐rinneadar friotháileamh air. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do fhágaibh an díabhal é an tansin, agus, féuch, tangadar na haingil agus do rinneadar friotholamh dhó. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin dʼfhág an diabhal é, agus tháinig na haingil chuige agus bhí siad ag freastal air. An Bíobla Naofa 1981 Ansin d'fhág an diabhal é, agus tháinig na haingil chuige agus bhí siad ag freastal air. |
An amhlaidh is dóigh leat nách féidir dómh-sa a iarraidh ar m’Athair, agus cuirfidh sé chúgham láithreach níos mó ’ná dhá legión déag aingeal?
Mar go dtug sé órdú d’á aingealaibh ad’ thaobh, agus glacfaid siad ’n-a lámhaibh thu sar a mbuailfá do chos i gcoinnibh cloiche.
Agus bhí sé sa bhfásach dachad lá agus dachad oidhche, agus bhí Sátan ag cur catha air, agus bhí sé ameasg na mbeithigheach allta, agus bhí na h-aingil ag friothálamh air.
Agus do taisbeánadh dó aingeal ó neamh ag cur misnigh air. Agus bhí sé i n-anaithe dhian agus ag guidhe go cruaidh.
Bhíos agaibh gach aon lá sa teampul agus níor shíneabhair lámh chúgham; ach sidé bhúr dtráth, agus cómhacht an dorchadais.
Agus nuair a bhí an cath go léir críochnuighthe d’imthigh an diabhal uaidh ar feadh aimsire.
Ní déarfad puinn i nbhúr bhfocair anois. Óir tá priúnsa an domhain seo ag teacht, agus ní’l nídh ar bhith aige ionam-sa.