Agus chonaic sé crann fíge i n-aice an bhóthair, agus tháinig sé chuige, agus ní bhfuair sé aon nídh air ach duilleabhar, agus dubhairt sé leis: Nár fhásaidh toradh ar so amach go bráth ort-sa. Agus d’fheóch an crann fíge láithreach.
Matha 3:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Tá an tuagh cheana féin ar phréimh na gcrann. Agus gach crann ná tabharfaidh toradh fóghanta uaidh leagfar é agus curfar sa teine é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus anois féin tá béal na tua leagtha anuas ar bhun na gcrann; agus beidh an crann nach dtugann dea-thoradh uaidh á ghearradh anuas agus á chaitheamh isteach sa tine. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Tá an tuagh leagtha cheana féin ar bhun na gcrann: Ar an adhbhar sin, gach crann nach dtabhrann déagh-thoradh, gearrfar agus caithfear san teinidh é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus cheana féin atá an tuagh curtha ar fhréimh na gcrann: ar an adhbhar sin crann ar bith nach dtugann toradh maith, leagfar é agus caithfear é sa teinidh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a nois atá an túagh ar na cur do chum fréimhe na gcrann: air a nadhbharsin giodh bé crann nach iomchrann toradh maith gearrthar é, agus teilgthear san teinidh é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é. An Bíobla Naofa 1981 Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é. |
Agus chonaic sé crann fíge i n-aice an bhóthair, agus tháinig sé chuige, agus ní bhfuair sé aon nídh air ach duilleabhar, agus dubhairt sé leis: Nár fhásaidh toradh ar so amach go bráth ort-sa. Agus d’fheóch an crann fíge láithreach.
Óir má dheinid siad na neithe seo sa n-adhmad ghlas, cad a déanfar sa n-adhmad chríon?
Tá an tuagh curtha ar phréimh na gcrann cheana féin. Agus gach crann ná tabharfaidh toradh fóghanta uaidh gearrfar é, agus curfar sa teine é.
Gach géag atá orm agus ná tugann toradh, gearrfaidh sé í; agus gach géag a thugann toradh, glanfaidh sé í, ionus go dtabharfadh sí breis toradh.
An t-é ná fanfaidh ionam-sa, caithfar amach é mar ghéag, agus feóchfaidh sé; agus tógfar é agus caithfar sa teine é, agus loisgfar é.