Cá bhfuil an rí seo na n-Iúdach atá beirthe? Mar do chonacamairne a réalt sa domhan toir agus thánamair chun é dh’adhradh.
Matha 27:42 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Do shábháil sé daoine eile; ní’l ar a chumas é féin do shábháil. Má’sé Rí Israéil e, tagadh sé anuas anois ó’n gcrois agus creidfimíd ann. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Tharrthaigh sé na daoine eile; ní féidir leis é féin a tharrtháil. Is é Rí Iosrael é; tagadh sé anuas den chrois agus creidfimid ann. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Shaor sé daoine eile; ní thig leis é féin a shaoradh. Má’s é Rí Israéil é, taradh sé anuas anois de’n chrois, agus creidfimíd ann. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) bhíodar ag magadh faoi, g‐á rádh, Do shaor sé daoine eile; ní fhuil ar chumas dó é féin do shaoradh. Is é Rí Israel é; tigeadh sé anuas ó’n gcroich, agus creidfimíd ann. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do fhóir sé ar dháoinibh eile; agus ní heidir leis é féin dfhóirighin. Más é Rí Israél, tigeadh sé a núas a nois as an gcroich, agus creidfiomáoidne dhó. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Shaor sé daoine eile, ní féidir leis é féin a shaoradh! Is é Rí Iosrael é: tagadh sé anuas ón gcros feasta agus creidfimid ann. An Bíobla Naofa 1981 “Shaor sé daoine eile, ní féidir leis é féin a shaoradh! Is é Rí Iosrael é: tagadh sé anuas ón gcros feasta agus creidfimid ann. |
Cá bhfuil an rí seo na n-Iúdach atá beirthe? Mar do chonacamairne a réalt sa domhan toir agus thánamair chun é dh’adhradh.
Agus chuireadar os cionn a chinn a chúis sgríobhtha: ÍOSA, RÍ NA N-IÚDACh, É SEO.
Agus deiridís, Bhah, do leagfá teampal Dé agus churfá suas airís é i gceann trí lá; dein tu féin do shaoradh. Ma’s tu Mac Dé tar anuas ó’n gcrois.
Agus ar an gcuma gcéadna uachtaráin na sagart, ag déanamh magaidh, mar aon leis na Sgríbhneóiribh agus leis na seanóiribh, deiridís:
Mar an gcéadna uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí, ag caint le chéile ag déanamh magaidh: Shábhail sé daoine eile, adeiridís; ní’l ar a chumas é féin do shábhail.
Tagadh Críost, rí Israéil, anuas de’n chrois anois go bhfeiceam agus go gcreideam. Agus an bheirt a bhí céasda i n-a aice thugadar masla dhó.
Agus deiridís: Moladh leis an t-é atá ag teacht ’n-a rí i n-ainim an Tighearna; síothcháin ar neamh agus glóire ins na flathais.
Agus bhí na daoine ’n-a seasamh ag féachaint air, agus bhí na h-uachtaráin ag magadh faoi leó, agus deiridís: D’fhóir sé ar dhaoinibh eile, fóireadh sé air féin, má ’sé an Críost é a toghadh ó Dhia.
D’fhreagair Natanaél agus dubhairt sé: A Mháighistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil.
Agus thógadar géaga phailime agus shiubhluigheadar fé n-a dhéin agus iad ag liúirigh: Hósanna, moladh do’n t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna, rí Israéil.
Agus má airigheann aoinne mo bhréithre agus ná coimeádfaidh sé iad, ní thugaim-se breith air, óir ní chun breitheamhantais a thabhairt ar an ndomhan do thánag, ach chun an domhain do shaoradh.
Ansan do ghlaodhadar airís ar an nduine a bhí ’n-a dhall, agus dubhradar leis: Tabhair glóire do Dhia. Is eól dúinne gur peacach an duine sin.
agus nuair a chonnacadar, ’na sheasamh ’n-a n-aice an fear a leighseadh, ní raibh focal le rádh acu ’n-a gcoinnibh.