Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:42 - An Bíobla Naofa 1981

42 “Shaor sé daoine eile, ní féidir leis é féin a shaoradh! Is é Rí Iosrael é: tagadh sé anuas ón gcros feasta agus creidfimid ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 “Tharrthaigh sé na daoine eile; ní féidir leis é féin a tharrtháil. Is é Rí Iosrael é; tagadh sé anuas den chrois agus creidfimid ann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 Shaor sé daoine eile; ní thig leis é féin a shaoradh. Má’s é Rí Israéil é, taradh sé anuas anois de’n chrois, agus creidfimíd ann.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 bhíodar ag magadh faoi, g‐á rádh, Do shaor sé daoine eile; ní fhuil ar chumas dó é féin do shaoradh. Is é Rí Israel é; tigeadh sé anuas ó’n gcroich, agus creidfimíd ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Do fhóir sé ar dháoinibh eile; agus ní heidir leis é féin dfhóirighin. Más é Rí Israél, tigeadh sé a núas a nois as an gcroich, agus creidfiomáoidne dhó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Do shábháil sé daoine eile; ní’l ar a chumas é féin do shábháil. Má’sé Rí Israéil e, tagadh sé anuas anois ó’n gcrois agus creidfimíd ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

42 “Shaor sé daoine eile, ní féidir leis é féin a shaoradh! Is é Rí Iosrael é: tagadh sé anuas ón gcros feasta agus creidfimid ann.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:42
14 Tagairtí Cros  

ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.”


Cuireadh scríbhinn os a chionn ag insint cúis a dhaortha: “Is é seo Íosa Rí na nGiúdach.”


agus ag rá: “Thusa, a leagfadh Teampall Dé anuas agus a thógfadh é i dtrí lá, saor thú féin, más tú Mac Dé, agus tar anuas ón gcros!”


Bhí na hardsagairt freisin ag fonóid faoi, in éineacht leis na scríobhaithe agus na seanóirí, agus deiridís:


Bhí uachtaráin na sagart ag fonóid faoi sa tslí chéanna eatarthu féin, in éineacht leis na scríobhaithe. “Shaor sé daoine eile,” a deiridís, “ní féidir leis é féin a shaoradh.


Tagadh an Críost, Rí Iosrael, anuas ón gcros feasta chun go bhfeicfimis agus go gcreidfimis.” Iad seo a bhí á gcéasadh mar aon leis, bhí siad á aithisiú freisin.


á rá: “Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna! Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar neimhe.”


D'fhan an pobal ansiúd ag breathnú. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire: “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa.”


deiridís: “Más tú Rí na nGiúdach, saor thú féin!”


D'fhreagair Natanael é: “A raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael.”


thóg siad craobhacha pailme agus amach leo ina choinne, agus na gártha á gcur suas acu: “Hósana! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna, sea, rí Iosrael.”


Má chluineann aon duine mo bhriathra agus nach gcoinneoidh sé iad, ní mise a thugann daorbhreith air, óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a tháinig mé, ach chun an saol a shaoradh.


Ansin ghlaoigh siad arís ar an duine a rugadh ina dhall, agus dúirt siad leis: “Tabhair glóir do Dhia! Tá a fhios againne gur peacach an duine sin.”


Ach ag breathnú dóibh ar an bhfear a leigheasadh agus é ina sheasamh láimh leo ní raibh aon fhreagra acu orthu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí