Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:41 - An Bíobla Naofa 1981

41 Bhí na hardsagairt freisin ag fonóid faoi, in éineacht leis na scríobhaithe agus na seanóirí, agus deiridís:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 Mar an gcéanna bhí na hardsagairt maraon leis na scríobhaithe agus na seanóirí ag magadh faoi, á rá,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 Mar an gcéadna dubhairt uachtaráin na sagart mar aon leis na Scríobhaidhthe agus na seanóirí fosta, ag magadh faoi:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Ar an gcuma chéadna do bhí uachtaráin na sagart mar aon leis na scríobhaidhthibh agus leis na seanóiribh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 Agus mar an gcéadna a dubhradar úachdaráin na sagart, maille ris na sgríobuidhibh agus ris na sinnsearuibh, ag fonámhad fáoi,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Agus ar an gcuma gcéadna uachtaráin na sagart, ag déanamh magaidh, mar aon leis na Sgríbhneóiribh agus leis na seanóiribh, deiridís:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 Bhí na hardsagairt freisin ag fonóid faoi, in éineacht leis na scríobhaithe agus na seanóirí, agus deiridís:

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:41
12 Tagairtí Cros  

An mbeidh an scéal ar fónamh nuair a dhéanfaidh sé sibh a phromhadh? An meallfaidh sibh eisean, mar a mheallfaí daoine?


An dream lenarb áil mo dhochar, go raibh náire is míchlú orthu! Go gclúdaítear le heasonóir is le haithis lucht maíte i m'éadan.


Dá bhrí sin, scoirigí den ábhacht, ar eagla go dteannfaí bhur gcuibhreacha oraibh; óir chuala mé anois scrios na tíre go hiomlán á fhógairt thar ceann an Tiarna Dia na Slua.


Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael, leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air, le sclábh na dtíoránach: Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort, rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu, de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta, Neach Naofa Iosrael a thogh thú.


In aon mhí amháin chuir mé an triúr aoire dá gcois. Ach bhí briste ar an bhfoighne agam leis an tréad agus ba ghráin leosan mise chomh maith.


agus ag rá: “Thusa, a leagfadh Teampall Dé anuas agus a thógfadh é i dtrí lá, saor thú féin, más tú Mac Dé, agus tar anuas ón gcros!”


“Shaor sé daoine eile, ní féidir leis é féin a shaoradh! Is é Rí Iosrael é: tagadh sé anuas ón gcros feasta agus creidfimid ann.


Óir tabharfar ar láimh do na gintlithe é, déanfar fonóid faoi, tabharfar easmailt dó, caithfear seilí air,


Ansin dúirt Íosa leo sin a bhí tagtha ina choinne, uachtaráin na sagart agus captaein an Teampaill agus seanóirí: “An amhlaidh is robálaí mé gur tháinig sibh amach i mo choinne le claimhte agus le bataí?


D'fhan an pobal ansiúd ag breathnú. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire: “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí