Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:40 - An Bíobla Naofa 1981

40 agus ag rá: “Thusa, a leagfadh Teampall Dé anuas agus a thógfadh é i dtrí lá, saor thú féin, más tú Mac Dé, agus tar anuas ón gcros!”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

40 agus á rá, “A ghiolla úd a mbíodh rún agat an teampall a leagan agus a atógáil in achar trí lá, tarrthaigh thú féin! Más Mac Dé tú, tar anuas den chrois úd.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

40 Agus ag rádh: Bheá, tusa a mhilleas teampall Dé, agus a thógas arís é i gcionn thrí lá, saor thú féin; má’s Mac Dé thú, tar anuas de’n chrois.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

40 agus g‐á rádh, Thusa leagas teampall Dé agus thógas é i gceann trí lá, saor thú féin: má’s tú Mac Dé, tar anuas ó’n gcroich.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

40 Agus ag radh, Thusa lagus an teampoll, agus chuirios súas a dtri lá é, fóir ort féin. Mas tú Mac Dé tárr a núas as an gcroich.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

40 Agus deiridís, Bhah, do leagfá teampal Dé agus churfá suas airís é i gceann trí lá; dein tu féin do shaoradh. Ma’s tu Mac Dé tar anuas ó’n gcrois.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

40 agus ag rá: “Tusa a leagfadh Teampall Dé anuas agus a thógfadh é i dtrí lá, saor thú féin, más tú Mac Dé, agus tar anuas ón gcros!”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:40
13 Tagairtí Cros  

Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna” - a bhfágáil ansin agus ag imeacht leis.


agus b'é a scéal sin: “Dúirt an fear seo: ‘Is féidir liom Teampall Dé a leagan anuas agus é a atógáil i dtrí lá.’ ”


Bhí na hardsagairt freisin ag fonóid faoi, in éineacht leis na scríobhaithe agus na seanóirí, agus deiridís:


“Shaor sé daoine eile, ní féidir leis é féin a shaoradh! Is é Rí Iosrael é: tagadh sé anuas ón gcros feasta agus creidfimid ann.


An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.”


Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt: “Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.”


agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith thú féin síos: óir tá sé scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil i do thaobh agus iompróidh siad thú lena lámha, sula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.’ ”


Ach dúirt sé leis: ‘Mura n‑éisteann siad le Maois agus leis na fáithe, ní mó a ghéillfidh siad má éiríonn duine ó mhairbh.’ ”


agus gairdeas ar áitritheoirí an domhain ina dtaobh. Cuirfidh siad tabhartais chun a chéile mar gur chiap an bheirt fháidh seo áitritheoirí an domhain.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí