Agus fáiltiú dhóibh i n-áit an mhargaidh, agus go dtabharfadh na daoine Rabbí ortha.
Matha 26:49 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus láithreach tháinig sé chun Íosa, agus dubhairt: Go mbeannuighthear duit a Mháighistir. Agus thug sé póg dó. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ní dhearna sé aon mhoill ag teacht aníos chuig Íosa agus dúirt sé, “Fáilte romhat, a mháistir!” agus thug sé póg dó. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar an bhall tháinic sé chuig Íosa, agus dubhairt: Go mbeannuighthear duit, a Rabbi. Agus phóg sé é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ar an láthair tháinig sé chum Íosa, agus adubhairt sé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar an mball a núair tháinic sé chum Iósa, a dubhairt sé, Go mbeannuighthear dhuit, a mhaighisdir; agus tug sé póg dhó. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Rinne sé anonn ar Íosa díreach gan stad, agus “Is é do bheatha, a Raibí!” ar seisean, agus phóg sé é. An Bíobla Naofa 1981 Rinne sé anonn ar Íosa díreach gan stad, agus “Sé do bheatha, a Raibí!” ar seisean, agus phóg sé é. |
Agus fáiltiú dhóibh i n-áit an mhargaidh, agus go dtabharfadh na daoine Rabbí ortha.
Ach ná tugtar Rabbí oraibh-se: óir is aoinne amháin atá ’n-a Mháighistir oraibh, agus is bráithre sibh go léir.
Ansan, do fhreagair Iúdás, an fear a dhíol é, agus dubhairt: An mise é, a Máighistir? Dubhairt sé leis: Dubhraís é.
An fear a bhrath é, ámhthach, thug sé cómhartha dhóibh; dubhairt sé leó: An t-é go dtabharfad-sa póg dó, siné é; gabhaidh greim air.
Níor thugais-se póg dom; ach ó tháinig sí seo isteach níor stad sí ach ag pógadh mo chos.
Agus thagaidís chuige agus deiridís: Go mbeannuighthear duit, a rí na n-Iúdach; agus do bhuailidís dóirne air.
Ach sa n-am gcéadna d’iarradar a dheisgiobuil air, agus dubhradar: A Máighistir, ith rud.