Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fáidh, an eadh? Ach deirim-se libh gur duine é is mó ’ná fáidh.
Matha 21:26 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Má abraimíd gur ó neamh é, déarfaidh sé, Má ’seadh, cad ’n-a thaobh nár chreideabhair é? Ach má abraimíd gur ó dhaoinibh, is baoghal dúinn na daoine; mar fáidh ab eadh Eóin acu. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach má deirimid, ‘Ó dhaoine’, tá eagla orainn roimh an slua; mar glacann siad leis mar fhírinne gur fáidh a bhí in Eoin.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Má deinmíd: Ó neamh, déarfaidh sé linn: Cad chuige, ar an adhbhar sin, nár chreid sibh é? Acht má deirimíd: Ó dhaoine, tá eagla orainn roimh an tsluagh; óir bhí meas fáidh acu uilig ar Eoin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht má deirimíd, Ó dhaoinibh; tá eagla an phobail orainn; óir atá na daoine go léir ar aon aigne gur fáidh Eoin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus má deirmid, O dháoinibh; a tá eagla an phobail oruinn; óir atá meas fáidhe ag gach uile dhuine ar Eoin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ tá eagla orainn roimh na daoine, mar tá meas fáidh acu uile ar Eoin.” An Bíobla Naofa 1981 Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ tá eagla orainn roimh na daoine, mar tá meas fáidh acu uile ar Eoin.” |
Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fáidh, an eadh? Ach deirim-se libh gur duine é is mó ’ná fáidh.
Agus ba mhian leis é chur chun báis, ach bhí eagla na ndaoine air, óir do thuigeadar gur bh’fháidh Eóin Baiste.
Cá dtáinig an baiste a dhein Eóin? an ó neamh a tháinig sé, nó an ó dhaoinibh? Agus dheineadar-san machtnamh eatartha féin, agus dubhradar:
Agus d’fhreagradar Íosa agus dubhradar, Ní fheadramair. Agus dubhairt seisean leó: Ní lúgha ’ná mar a neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh.
Agus ba mhian leó é ghabháil, ach bhí eagla acu roimis na daoine, mar fáidh ab eadh é acu.
Agus má deirimíd gur bh’ ó dhaoine é, is baoghal dúinn an pobul; óir, dar leis na daoine, fáidh dáiríribh ab eadh Eóin.
Agus bhíodar a d’iarraidh beirthe air, ach bhí eagla acu roimis an bpobul; óir bhí fhios acu gur chúcha féin a bhí sé sa tsoluíd sin. Agus d’fhágadar é agus d’imthígheadar.
Óir bhí eagal ar Héród roim Eóin, mar bhí fhios aige gur dhuine naomhtha, fíoraonta é, agus bhí sé ’ghá choimeád, agus dheineadh sé a lán neithe ar a chómhairle, agus thugadh sé cluas dó go toilteanach.
Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí a d’iarraidh a lámh do chur air láithreach, ach bhí eagla na ndaoine ortha; óir bhí fhios acu gur chúcha féin an tsoluíd a labhair sé.
Agus má deirimíd gur bh’ ó daoine é geobhaid na daoine go léir do chlochaibh ionainn, óir is deimhin leó gur fáidh Eóin.
Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ag cuimhneamh ar conus a thiocfaidís ar Íosa chur chun bháis; ach bhí eagla na ndaoine ortha.
Lóchran ar lasadh agus ag taithneamh ab eadh é siúd, agus níor mhisde libh-se ar feadh tamaill áthas a dh’fhághail ’n-a sholus.
Dubhairt an t-athair agus an mháthair na neithe sin mar bhí eagla na n-Iúdach ortha, óir bhí socair ag na Iúdaigh an uair sin, aoinne a déarfadh gur bh’ é Críost é, é chur amach as an sinagóig.
Ansan d’imthigh an t-oificeach agus na fir a bhí aige agus thug sé leis iad gan éigean, óir bhí eagla na ndaoine ortha, go ngeobhthí do chlochaibh ionta.