Matha 21:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Cá dtáinig an baiste a dhein Eóin? an ó neamh a tháinig sé, nó an ó dhaoinibh? Agus dheineadar-san machtnamh eatartha féin, agus dubhradar: An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Baiste Eoin, cárb as dó? Cé acu ó neamh nó ó dhaoine?” Agus rinne siad díospóireacht le chéile, “Má deirimid, ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé linn, ‘Cad chuige mar sin nár chreid sibh é?’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Cá dtáinic baisteadh Eoin? An ó neamh, nó ó dhaoine? Acht mheabhruigh siad-san eatortha féin, ag rádh: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Baisteadh Eoin, cia uaidh a dtáinig sé? ó neamh nó ó dhaoinibh? Agus do‐rinneadar diospóireacht le n‐a chéile, g‐á rádh, Má deirimíd, Ó neamh; adéarfaidh seisean linn, Cad chuige, mar sin, nár chreideabhar é? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ga háith as, a dtaínic baisdeadh Eóin? ó neamh, no ó dháoinibh? Achd do smuaineadarsan ionnta féin, ag rádh, Má deirmíd, O neamh; a déara sé rinn, Ar a nadhbharsin créd fa nar chreideabhairse dho? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Baisteadh Eoin, cárbh as dó? Ó neamh nó ó dhaoine?” Ach bhí siad ag machnamh mar seo ina gcroí: “Má deirimid: ‘Ó Neamh,’ déarfaidh sé linn: ‘Cén fáth nár chreid sibh ann, mar sin?’ An Bíobla Naofa 1981 Baisteadh Eoin, cárbh as dó? Ó neamh nó ó dhaoine?” Ach bhí siad ag machnamh mar seo ina gcroí: “Má deirimid: ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé linn: ‘Cén fáth nár chreid sibh ann, mar sin?’ |
D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Cuirfad-sa, leis, aon cheist amháin chughaibh-se, agus má réidhtigheann sibh dom í, neósfad-sa dhaoibh-se, leis, cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh.
Má abraimíd gur ó neamh é, déarfaidh sé, Má ’seadh, cad ’n-a thaobh nár chreideabhair é? Ach má abraimíd gur ó dhaoinibh, is baoghal dúinn na daoine; mar fáidh ab eadh Eóin acu.
Agus níor labhradar. Ach thóg sé an duine agus do leighis sé é, agus chuir sé chun siúbhail é.
Agus bhíodar ag machtnamh ’n-a n-aigne, agus dubhradar leó féin: Má deirimíd gur bh’ ó neamh é déarfaidh sé: Cad ’n-a thaobh nár chreideabhair é, má seadh?
Tugann Eóin fiadhnaise ’n-a thaobh, agus labhrann sé os árd agus deir sé: B’é seo an t-é ar a ndubhart: An t-é atá le teacht am’ dhiaidh do cuireadh rómham é, óir bhí sé rómham.
An t-é a chreideann ann, ní tugtar breith air; ach an t-é ná creideann, tá breith tabhartha air cheana féin, toisg nár chreid sé i n-ainim Mhic Dé, an t-Aon Ghein.