Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Baisteadh Eoin, cia uaidh a dtáinig sé? ó neamh nó ó dhaoinibh? Agus do‐rinneadar diospóireacht le n‐a chéile, g‐á rádh, Má deirimíd, Ó neamh; adéarfaidh seisean linn, Cad chuige, mar sin, nár chreideabhar é?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 Baiste Eoin, cárb as dó? Cé acu ó neamh nó ó dhaoine?” Agus rinne siad díospóireacht le chéile, “Má deirimid, ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé linn, ‘Cad chuige mar sin nár chreid sibh é?’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Cá dtáinic baisteadh Eoin? An ó neamh, nó ó dhaoine? Acht mheabhruigh siad-san eatortha féin, ag rádh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Ga háith as, a dtaínic baisdeadh Eóin? ó neamh, no ó dháoinibh? Achd do smuaineadarsan ionnta féin, ag rádh, Má deirmíd, O neamh; a déara sé rinn, Ar a nadhbharsin créd fa nar chreideabhairse dho?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Cá dtáinig an baiste a dhein Eóin? an ó neamh a tháinig sé, nó an ó dhaoinibh? Agus dheineadar-san machtnamh eatartha féin, agus dubhradar:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 Baisteadh Eoin, cárbh as dó? Ó neamh nó ó dhaoine?” Ach bhí siad ag machnamh mar seo ina gcroí: “Má deirimid: ‘Ó Neamh,’ déarfaidh sé linn: ‘Cén fáth nár chreid sibh ann, mar sin?’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 Baisteadh Eoin, cárbh as dó? Ó neamh nó ó dhaoine?” Ach bhí siad ag machnamh mar seo ina gcroí: “Má deirimid: ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé linn: ‘Cén fáth nár chreid sibh ann, mar sin?’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:25
24 Tagairtí Cros  

Agus do‐rinneadar machtnamh eadortha féin, g‐á rádh, Ní thugamar aon arán linn. Agus thug Íosa fá deara é,


Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Cuirfead‐sa, leis, ceist amháin oraibh, agus má fhreagrann sibh í, inneosad‐sa dhaoibh cia an t‐ughdarás atá agam chum na neithe sin do dhéanamh.


Acht má deirimíd, Ó dhaoinibh; tá eagla an phobail orainn; óir atá na daoine go léir ar aon aigne gur fáidh Eoin.


Acht d’fhanadar‐san ’n‐a dtost. Agus do rug sé air, agus do leigheas sé é, agus do chuir sé ar a bhealach é.


Agus do‐rinneadar conspóid le n‐a chéile, g‐á rádh, Má déarfaimíd, Ó neamh; adéarfaidh seisean,


Do‐bheir Eoin fiadhnaise ’n‐a thaobh agus glaodhann sé, g‐á rádh, Is é seo an té go ndubhras ’n‐a thaobh, An té atá ag teacht im’ dhiaidh, do cuireadh rómham é, óir bhí sé ann rómham.


Do bhí fear ann do cuireadh ó Dhia, darbh ainm Eoin.


An té chreideas ann ní tugtar breith air: an té nach gcreideann atá breith tabhartha air cheana féin, toisc nár chreid sé i n‐ainm Aon‐Mhic Dé.


óir má chionntuigheann ár gcroidhe sinn, is mó Dia ’ná ár gcroidhe, agus is eol dó an uile nidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí