Agus an t-é a ghlac an siól ins na sgeachaibh, siné an t-é a chloiseann an briathar, agus go ndeineann cúram an tsaoghail seo agus mealladh saidhbhris an briathar do mhúchadh, agus bíonn sé gan toradh.
Matha 19:23 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Íosa le n-a dheisgiobuil: Go deimhin adeirim libh, is deacair do’n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhflathas. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt Íosa lena dheisceabail, “Deirim go fírinneach libh, go mbeidh sé deacair duamhar dʼfhear saibhir dul isteach i ríocht neimhe. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Íosa le n-a dheisciobail: Amén adeirim libh, go mbéidh sé deacair ag fear saidhbhir dul isteach i ríoghacht na bhflaitheas. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt Íosa le n‐a dheisceablaibh, Go fírinneach adeirim libh, Is ar éigean a rachas duine saidhbhir isteach i ríoghacht na bhflaitheas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Iósa ré na dheisciobluibh, A deirim ribh go fírinneach, gur ab docomhlach rachas duine saidhbhir a steach a ríoghachd neimhe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Deirim libh go fírinneach, beidh sé deacair ar an bhfear saibhir dul isteach i Ríocht na bhflaitheas. An Bíobla Naofa 1981 Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Deirim libh go fírinneach, beidh sé deacair ar an bhfear saibhir dul isteach i ríocht na bhflaitheas. |
Agus an t-é a ghlac an siól ins na sgeachaibh, siné an t-é a chloiseann an briathar, agus go ndeineann cúram an tsaoghail seo agus mealladh saidhbhris an briathar do mhúchadh, agus bíonn sé gan toradh.
Agus dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh, mura n-iompuighidh sibh agus bheith ar nós na leanbh, ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas.
Nuair airigh an t-ógánach an chaint sin, ámhthach, d’imthigh sé agus é go buartha; mar fear ab eadh é go raibh mórán saidhbhir aige.
Dubhradar-san: An chéad fhear. Dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim-se libh-se, raghaid na puibliocánaigh agus na striapacha isteach i bhflathas Dé rómhaibh-se.
Óir deirim libh mura mbeidh bhur bhfíoraontacht-sa níos lionmhaire ’ná fíoraontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas.
Agus d’fhéach Íosa ’n-a thímpal agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Nách deacair do lucht saidhbhris dul isteach i rígheacht Dé!
Agus nuair a chonaic Íosa an bhuairt air dubhairt sé: Cad é a dheacracht do lucht saidhbhris dul isteach i rígheacht Dé!
Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Go deimhin deimhin adeirim leat, mura mbéarfar duine an tarna h-uair, ní féidir dó rígheacht Dé a d’fheisgint.
Dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Go deimhin adeirim leat, mura n-aithgheintear duine ó uisge agus ó’n Spioraid Naomh, ní féidir é dhul isteach i rígheacht Dé.
agus do chuireadar sagairt fé ghrádhaibh dóibh ins gach eaglais, agus dheineadar úrnuighthe agus trosgadh, agus ansan thugadar suas do’n Tighearna iad, óir do chreideadar ann.