Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Gníomhartha 14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XIV. Pól agus Barnabas ag seanmóiniú i n lcónium agus i Listra. Cláiríneach ’á leigheas. Daoine ghá mheas gur déithe iad. Gabhtar do chlochaibh ar Pól. Deinid siad seanmóiniú i nDerbhé agus i bPergé.

1 Agus do thuit amach i n-Icónium go ndeaghadar isteach i n-aonfheacht i sinagóig na nIúdach agus gur dheineadar cainnt, i dtreó gur chreid sluagh líonmhar de sna Iúdaígh agus de sna Griéagaigh.

2 Ach na Iúdaígh a bhí díchreideamhach, do ghríosadar agus do shéideadar suas chun feirge aigne na ngeinte i gcoinnibh na mbráithre.

3 Ach d’fhanadar mórán aimsire ann ag obair, agus a mainghín as an dTighearna, agus é ag déanamh fiadhnaise ar bhriathar a ghrásta, ag cur mírbhúiltí uathbhásacha d’á ndéanamh le n-a lámhaibh.

4 Bhí muinntir na catharach deighilte, ámhthach, cuid acu ag gabháil leis na Iúdaígh agus cuid acu ag gabháil leisna h-Aspuil.

5 Agus d’eirigh fuagar fé sna geintibh agus fé sna Iúdaígh, agus fé sna h-uachtaráin, chun iad do tharcuisniú agus gabháil do chlochalbh ortha,

6 Agus thuigeadar (an nídh sin) agus do theitheadar go Listra agus go Derbé, dhá chathair i Licaónia, agus go dtí an tír go léir mór-thímpall, agus bhíodar ag craobhsgaoile an tSoisgóil sa n-áit sin.

7 Agus bhí duine i Listra, n-a shuídhe, agus é ghan lút a chos ó fhagh sé bruinn a mháthar, agus níor shiúbhluigh sé riamh.

8 D’airigh an duine sin Pól ag cainnt. Agus d’fhéach Pól air agus chonnaic sé go raibh aige creideamh chun a slánuighthe,

9 Agus dubhairt sé do ghuth árd: Eirigh ad sheasamh ar do chosaibh! Agus do léim sé ’n-a sheasamh agus shiúbhluigh sé.

10 Agus nuair a chonnaic na daoine cad a bhí déanta ag Pól d’árdugheadar a nglór agus dubhradar, as Licaóinis: Táid na déithe, i riochtaibh daoine, tagaithe anuas chúgainn.

11 Agus thugadar Iúpiter ar Bharnabas agus Mercurí ar Pól mar is aige bhí buadh cainnte.

12 Agus bhí sagart le Iúpiter lasmuich de’n chathair agus thug sé leis tairbh agus coróinneacha, ar aghaidh an gheata, chun go ndéanfadh sé féin agus na daoine ídhbirt.

13 Nuair a dh’airigh na h-Aspuil, Pól agus Barnabas, an nídh sin do raobadar a gcuid éadaigh agus do léimeadar amach imeasg na ndaoine agus do liúghadar:

14 A dhaoine, cad ab áil libh ’á déanamh san? Daoine a gheobhaidh bás, mar sibh féin, iseadh sinne, agus táimíd ’ghá iarraidh oraibh iompáil ó sna neithibh baotha sin ar Dhia atá beó, ó isé chruthuigh neamh agus talamh agus muir agus gach a bhfuil ionta.

15 Ins na h-aimsiribh atá imighthe do leog sé do sna geintibh go léir gluaiseacht as a slightibh féin.

16 Ach fós níor fhág sé é féin gan cur i n-úil dóibh, óir thugadh sé tabharthaisí ó neamh uaidh, fearthainn agus tráthana torthamhla, agus do lionadh sé ár gcroidhe le bia agus le h-áthas.

17 Agus bíodh gus labhradar mar sin is ar éigin fhéadadar na daoine do chosg ar ídhbirt a dhéanamh chúcha.

18 Ansan, ámhthach, tháinig raint Iúdach agus do mhealladar na daoine agus ghabhadar do chlochaibh i bPól agus tharraigeadar amach as an gcathair é mar mheasadar go raibh sé marbh.

19 Ach bhí na deisgiobuil ’n-a thímpall agus d’eirigh sé agus tháinig sé isteach sa chathair, agus amáireach a bhí chughainn d’imthigh sé féin agus Barnabas so Derbhé.

20 Agus dheineadar craobhsgaoile sa chathair sin agus thugadar teagasg d’á lán, agus ansan d’fhilleadar go Listra agus go h-Icónium agus go h-Antioch,

21 Ag neartú aigne na ndeisgiobul agus ’á gcómhairiú chun bheith seasamhach sa chreideamh, mar gur le mórán a dh’fhulag nach fuláir dúinn dul isteach i rígheacht Dé.

22 agus do chuireadar sagairt fé ghrádhaibh dóibh ins gach eaglais, agus dheineadar úrnuighthe agus trosgadh, agus ansan thugadar suas do’n Tighearna iad, óir do chreideadar ann.

23 Agus d’imthigheadar treasna na Pisidia agus thánadar go dtí Pamphilia,

24 Agus do labhradar briathar an Tighearna i bPergé agus chuadar síos go h-Attalía,

25 Agus chuadar as san go h-Antioch, ar luing, an áit as an tugadh suas iad do ghrásta Dé chun na h-oibre a bhí críochnuighthe acu.

26 Agus nuair a thánadar ann chruinnigheadar an eaglais agus d’innseadar na neithe móra a dhein Dia tríotha, agus conus mar a dh’osgail sé dorus an chreidimh do sna geintibh.

27 Agus d’fhanadar aimsir nár ghearr i bhfochair na ndeisgiobul.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí