Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 18:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh, mura n-iompuighidh sibh agus bheith ar nós na leanbh, ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 agus dúirt sé, “Deirim go fírinneach libh, mura n‑iompaíonn sibh agus mura mbíonn sibh ar chiall na bpáistí, ní rachaidh sibh choíche isteach i ríocht neimhe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus dubhairt: Amén adeirim libh, muna dtionntuighidh sibh agus bheith ar nós na leanbh, ní rachaidh sibh isteach i ríoghacht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 agus adubhairt sé, Go fírinneach adeirim libh, Muna n‐iompuighidh sibh, agus bheith ar nós na leanbh, ní rachaidh sibh isteach i ríoghacht neimhe ar chor ar bith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus a dubhairt sé, Go fírinneach a deirim ribh, Muna bfhilltí, agus muna mbeithí mar leanbána, nach rachdaoi a sdeach do rioghach neamhdha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 agus dúirt: “Deirim libh go fírinneach, mura gcasa sibh arís chun a bheith ar nós na leanaí, ní rachaidh sibh isteach i Ríocht na bhflaitheas choíche.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 agus dúirt: “Deirim libh go fírinneach, mura gcasa sibh arís chun bheith ar nós na leanaí, ní rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas choíche.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 18:3
28 Tagairtí Cros  

Óir tá croidhe an phobuil seo tromaídhe, agus le n-a gcluasaibh cloisid siad go bodhar, agus tá a súile dúnta acu; le h-eagla, luath ná mall, go bhfeicfidís le n-a súilibh, agus go gcloisfidís le n-a gcluasaibh, agus go dtuigfidís i n-a gcroidhe, agus go n-iompóchaidís agus go slánóchainn iad.


Agus do ghlaoidh Íosa chuige leanbh beag, agus chuir sé ’n-a sheasamh ’n-a lár é.


An t-é d’á bhrígh sin, d’ísleóchaidh é féin ar nós an leinbh bhig sin, siné is mó i rígheacht na bhflathas.


Ach dubhairt Íosa leó: Leigidh chúgham an mhuintir bheag, agus ná coisgidh iad; óir is le n-a leithéidí sin rígheacht na bhflathas.


Agus dubhairt Íosa le n-a dheisgiobuil: Go deimhin adeirim libh, is deacair do’n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhflathas.


Óir deirim libh go fírinneach, go dtí go dtéidh an spéir agus an talamh ar neamhnídh ná raghaidh aon ióta amháin ná aon phúnc amháin de’n dlígh ar neamhnídh, go dtagaidh a h-iomláine chun cinn.


Óir deirim libh mura mbeidh bhur bhfíoraontacht-sa níos lionmhaire ’ná fíoraontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas.


Agus nuair a bheidh sibh ag déanamh trosgaidh ná bídhidh gruamdha ar nós na bhfeallairí; óir doirchighid siad a gceannacha, i dtreó go samhlóchadh na daoine iad a bheith ag déanamh trosgaidh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.


D’á bhrígh sin, nuair a bheidh déirc agat ’á dhéanamh ná bíodh adharc d’á séideadh rómhat amach agat, mar a bhíonn ag na feallairíbh ins na sinagógaibh agus ar na sráidibh, i dtreó go dtabharfadh na daoine onóir dóibh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.


Agus nuair a dhéanfaidh sibh úrnuighthe, ná bídhidh mar na feallairí gur maith leó úrnuighthe dhéanamh ’n-a seasamh ins na sinagógaibh agus ag cúinníbh na sráideana, i dtreó go bhfeiceadh daoine iad. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.


I dtreó ag féachaint dóibh go bhfeicfidís agus ná feicfidís, agus ag éisteacht go n-aireóchaidís agus ná tuigfidís, sar a ndéanfidís chóidhche iompáil agus go maithfí a bpeacaí dóibh.


Deinidh dícheall ar dhul isteach an dorus cumhang; óir deirim libh go mbeidh a lán a d’iarraidh dul isteach, agus ní fhéadfaid siad é.


Ach do dheineas-sa guidhe ar do shon ionus ná caillfeadh ar do chreideamh. Agus ar ball, nuair a chasfair, neartuigh do bhráithre.


Agus dubhairt sé leis: Go deimhin deimhin adeirim libh, chífidh sibh na flaithis ar osgailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.


Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Go deimhin deimhin adeirim leat, mura mbéarfar duine an tarna h-uair, ní féidir dó rígheacht Dé a d’fheisgint.


Dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Go deimhin adeirim leat, mura n-aithgheintear duine ó uisge agus ó’n Spioraid Naomh, ní féidir é dhul isteach i rígheacht Dé.


agus do chuireadar sagairt fé ghrádhaibh dóibh ins gach eaglais, agus dheineadar úrnuighthe agus trosgadh, agus ansan thugadar suas do’n Tighearna iad, óir do chreideadar ann.


Óir tá croidhe an phobuil seo tuitithe i bhfeóil, agus le n-a gcluasaibh dheineadar éisteacht dhúr, agus do dhúnadar a súile, le h-eagla go bhfeicfidís le n-a súilibh agus go n-aireóchaidís le n-a gcluasaibh agus do dtuigfidís le n-a gcroidhe agus go n-iompóchaidís agus go slánóchainn iad.


Déinidh aithríghe dá bhrígh sin, agus iompuighidh, ionus go mbuailfí amach bhúr bpeacaí,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí