Gach duine a chloiseann briathar na rígheachta agus ná tuigeann é, tagann an droch-spioraid agus tógann sé an síol a cuireadh ’n-a chroídhe sin. Siné an síol a cuireadh i n-aice an bhóthair.
Matha 13:38 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus isé an domhan an gort. Agus clann na rígheachta, siniad an síol fóghanta. Agus clann an uilc, siniad an cogal. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) is é an cuibhreann an domhan, agus is é a chiallaíos an dea-shíol, clann mhac na ríochta; is é an cogal clann an áibhirseora, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus is é an domhan an gort. Agus is iad clann na ríoghachta an síol maith. Agus is iad clann an droch-ruda an cogal. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus is é an domhan an gort; agus is iad clann na ríoghachta an síol maith; agus is iad clann an droich‐spioraid an cogal; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a sé an fearann an domhan; agus a sé an síol maith, clan na rioghachda; agus a sé an cogal clan an droichspioraid; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Is é an domhan an gort. An síol maith muintir na Ríochta. Dream an oilc an cogal, An Bíobla Naofa 1981 Is é an domhan an gort. An síol maith muintir na ríochta. Dream an oilc an cogal, |
Gach duine a chloiseann briathar na rígheachta agus ná tuigeann é, tagann an droch-spioraid agus tógann sé an síol a cuireadh ’n-a chroídhe sin. Siné an síol a cuireadh i n-aice an bhóthair.
Agus craobhsgaoilfar an soisgéal so na rígheachta tríd an ndomhan go léir mar fhiadhnaise do sna geintibh go léir; agus ansan tiocfaidh an críochnú.
Ach abraidh, Seadh, ’seadh; Ní h-eadh, ní h-eadh. An rud a théigheann thairis sin is ó’n olc é.
Agus caithfar clann na rígheachta amach sa dorchadas atá amuigh, mar a mbeidh gol agus díosgán fiacal.
Agus go bhfógrófaí i n’ ainim, tré sna geinte go léir, ag tusnú ó Ierúsalem, aithrighe agus maitheamhnachas peacaí.
Go deimhin, deimhin, a deirim libh, mura bhfaghaidh an gráinne arbhair a thuiteann sa talamh bás,
Is ó’n ndiabhal, bhúr n-athair, sibh-se, agus isiad na neithe a thaithneann le nbhúr n-athair a dheineann sibh. Dúnmharbhthóir ab eadh é sin ó thusach, agus níor sheasaimh sé sa bhfirinne, óir ní’l fírinne ann; nuair a labhrann sé an t-éitheach labhrann sé an nídh is leis féin, óir tugann sé an t-éitheach agus isé athair an éithigh é.
Agus dubhairt sé: Ó a fhir atá lán de gach feall agus de gach éitheach, a mhic an diabhail a namhaid gach cirt, ná stadfair de shlighthibh díreacha an Tighearna do chur bun os cionn?