Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus craobhsgaoilfar an soisgéal so na rígheachta tríd an ndomhan go léir mar fhiadhnaise do sna geintibh go léir; agus ansan tiocfaidh an críochnú.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Agus caithfear an soiscéal seo na ríochta a chraobh scaoileadh ar fud na cruinne, mar fhianaise do na ciníocha uile; agus is ansin a thiocfas an chríoch.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Agus dhéanfar soiscéal seo na ríoghachta a sheanmóir ar fud an domhain go léir, mar fhiadhnaise do na h-uile chinidheacha: agus annsin tiocfaidh an dheireadh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus craobhscaoilfear an soiscéal so na ríoghachta ar fud an domhain uile mar fhiadhnaise do na cinidheachaibh go léir; agus annsin tiocfaidh an deireadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Agus do dhéantar an soisgéulsa na ríoghachda do sheanmóir ar feadh an domhain uile; mar fhíadhnuisi do na huile chineadhachuibh; agus ann sin tiocfuidh an deireadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Fógrófar dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir mar fhianaise do na náisiúin uile, agus is ansin a thiocfaidh an deireadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir mar fhianaise do na náisiúin uile, agus is ansin a thiocfaidh an deireadh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:14
29 Tagairtí Cros  

Imthíghidh, agus deinidh craobhsgaoileadh, agus abraidh, Tá rígheacht na bhflathas tagaithe i n-achmaireacht.


Agus deirim libh ’n-a theannta san, má bhíonn beirt agaibh ar aon aigne ar talamh i dtaobh aon ruda ar bith a bheidh acu d’á iarraidh, go bhfaghaid siad an rud san a dhéanamh dóibh ó m’ Athair-se atá ins na flathais.


Agus do shuid sé ar chnoc Olibhet, agus tháinig a dheisgiobuil chuige a gan fhios, agus dubhradar: Innis dúinn cathain a thuitfid na neithe seo amach, agus cad a bheidh mar chómhartha ar do theacht-sa, agus ar dheire an tsaoghail.


Agus aireóchaidh sibh cogaí agus ráflaí ar chogaíbh. Seachnaidh agus ná bíodh buaireamh oraibh; mar ní foláir na neithe sin do theacht, ach ní h-é an deire fós é.


Agus do ghluais Íosa mór-thímpal Ghaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta d’á raibh ar dhaoine.


Agus do ghluais Íosa mór-thímpal, ins na cathrachaibh agus ins na bailtibh, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta.


Agus ní foláir ar dtúis an soisgéal do chraobhsgaoileadh chun na ngeinte go léir.


Do thárla, ámhthach, ins na laethibh sin go ndeaghaidh reacht amach ó Chaesar August go ndéanfaí áireamh ar an ndomhan go léir.


Agus go bhfógrófaí i n’ ainim, tré sna geinte go léir, ag tusnú ó Ierúsalem, aithrighe agus maitheamhnachas peacaí.


Agus do sheól an diabhal é go mullach cnuic aoird, agus thaisbeáin sé do, i n-aon phúnc amháin aimsire, rígheachta an domhain go léir,


Go dtí an lá nar deasgabháladh é tar éis a aitheanta thabhairt do sna h-Aspolaibh a thoigh sé, tríd an Spioraid Naomh.


Agus d’eirigh duine acu san d’ár bh’ ainim Agabus agus thug sé le tuisgint, ó’n spioraid, go raibh gorta mór le teacht ar an saoghal go léir, agus do tháinig san fé Claudius.


Mar go bhfuil lá ceapaithe aige chun bhreitheamhantais a thabhairt ar an ndomhan do réir chirt, tríd an bhfear atá ceapaithe aige, ag tabhairt creidimh do gach aon duine, mar gur thóg sé ó sna mairbh é.


Agus nuair ná fuaradar iad do rugadar Iáson agus cuid de sna bhráithre i láthair uachtaráin na catharach, rádh go h-árd: tháinig anso, leis, an aicme seo atá ag cur na catharach tré chéile,


Is baoghal go dtabharfaidh san droch-ainim d’ár slighe bheatha, agus ná fágfaidh sé aon mheas an theampull mhór Dhiána, agus ní h-amháin sin ach go dtusnóchaidh a mórdhacht ar dhul ar neamhnídh, bíodh go n-adhrann an Ásia go léir agus an domhan go léir í.


Agus féach anois, is eól dómhsa ná feicfidh sibh mo ghnúis a thuille, sibhse go léir n-a bhfuil siúbhaltha i nbhúr measg agam ag craobhsgaoile righeachta Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí