Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 D’á bhrígh sin, nuair a chífidh sibh gráin an léirsgriosa, ar ar labhair Daniel fáidh, ’n-a seasamh sa n-áit naomhtha: an t-é a léighfidh, tuigeadh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 “Nuair a fheiceann sibh mar sin an sárú scriosúil ar labhair an fáidh Daníél air, ina sheasamh sa naomháit (tuigeadh an té a léas),

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Ar an adhbhar sin, nuair atchífeas sibh fuathmhaireacht an scriosta, ar ar labhair Daniél, fáidh, ina seasamh san áit naomhtha; an té a léigheas, tuigeadh sé:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 D’á bhrigh sin, nuair do‐chífidh sibh úr‐ghráin an léirscriosta, ar ar labhair Dainial fáidh, ’n‐a sheasamh sa naomh‐áit (an té léigheas, tuigeadh sé),

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Ar a nadhbharsin an tráth do chífidhe adhfhúathmhuireachd an léirsgrios, air ar labhair Dániel fáidh, na seasamh ann sa nionad choisreagth: (tuigeadh, an té léaghas:)

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 “Mar sin, nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ ar ar labhair Dainéil fáidh, agus é ina sheasamh san áit naofa–tuigeadh an té a léann–

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 “Mar sin, nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ ar ar labhair Dainéil fáidh, agus é ina sheasamh san áit naofa - tuigeadh an té a léann -

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:15
19 Tagairtí Cros  

Ansan an mhuintir atá i n-Iúdéa teithidís chun na gcnoc;


Ach nuair a chífidh sibh gráin an léirsgriosa ’n-a seasamh sa n-áit nach dual (an t-é a léigheann tuigeadh sé), ansan an mhuintir atá i n-Iúdaéa teithidís chun na gcnoc.


Óir tiocfaid na laethanta ionat agus cuirfid do namhaid claidhe mór-tímpal ort, agus dúnfaid siad isteach tu agus déanfaid siad cumhangarach ort ó’n uile thaobh.


Ach nuair a chífidh sibh Ierúsalem d’á tímpaladh le sluagh bíodh fhios agaibh an uair sin a h-ídiú bheith buailte libh.


Má sgaoilimíd leis ar an gcuma so creidfid na daoine go léir ann, agus tiocfaid na Rómhánaigh agus sgriosfid siad ár dtír agus ár gcinéal.


Congnamh! a fheara Israéil. Sidé an duine atá ag múine na ndaoine ins gach aon bhall i gcomnibh an phobuil seo agus i gcoinnibh na dlighe agus i gcoinnibh na h-áite seo. Thug sé daoine geinteacha isteach sa teampull agus do sháruigh sé an áit bheannuighthe seo.


Agus chuireadar suas fínnithe bhréagacha chun a rádh: Ní stadann an duine sin ach ag labhairt cainnteana masluightheacha i n-aghaidh na h-áite naomhtha agus i n-agaidh na dlíghe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí