Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 D’á bhrigh sin, nuair do‐chífidh sibh úr‐ghráin an léirscriosta, ar ar labhair Dainial fáidh, ’n‐a sheasamh sa naomh‐áit (an té léigheas, tuigeadh sé),

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 “Nuair a fheiceann sibh mar sin an sárú scriosúil ar labhair an fáidh Daníél air, ina sheasamh sa naomháit (tuigeadh an té a léas),

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Ar an adhbhar sin, nuair atchífeas sibh fuathmhaireacht an scriosta, ar ar labhair Daniél, fáidh, ina seasamh san áit naomhtha; an té a léigheas, tuigeadh sé:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Ar a nadhbharsin an tráth do chífidhe adhfhúathmhuireachd an léirsgrios, air ar labhair Dániel fáidh, na seasamh ann sa nionad choisreagth: (tuigeadh, an té léaghas:)

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 D’á bhrígh sin, nuair a chífidh sibh gráin an léirsgriosa, ar ar labhair Daniel fáidh, ’n-a seasamh sa n-áit naomhtha: an t-é a léighfidh, tuigeadh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 “Mar sin, nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ ar ar labhair Dainéil fáidh, agus é ina sheasamh san áit naofa–tuigeadh an té a léann–

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 “Mar sin, nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ ar ar labhair Dainéil fáidh, agus é ina sheasamh san áit naofa - tuigeadh an té a léann -

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:15
19 Tagairtí Cros  

annsin na daoine atá i nIúdaea, teichidís chum na gcnoc:


Acht nuair do‐chífidh sibh úr‐ghráin an léirscriosta ’n‐a seasamh san áit nach dual (an té léigheas, tuigeadh sé), annsin na daoine atá i n‐Iúdaea, teichidís chum na gcnoc:


Óir tiocfaidh na laethe ort, ’n‐a dtógfaidh do náimhde móta id’ thimcheall, agus ’n‐a n‐iomshuidhfid thú, agus ’n‐a gcúmhanglóchaid ort ar gach taoibh,


Acht nuair do‐chífidh sibh Iarúsalem agus na sluaighte suidhte i bhfoslongphort ar gach taobh ’n‐a timcheall, bíodh a fhios agaibh an uair sin go bhfuil a bascadh i bhfogas.


Má leigimíd dó ar an gcuma so, creidfidh gach uile dhuine ann: agus tiocfaidh na Rómhánaigh agus scriosfaidh siad ár n‐áit agus ár gcineadh.


agus do ghlaodhadar, A chlanna Israel, cabhair: Seo é an duine atá ag múineadh na ndaoine go léir ins gach áit i gcoinnibh an phobail, agus i gcoinnibh an reachta, agus i gcoinnibh na h‐áite seo: agus thairis sin, thug sé Gréagaigh isteach san teampall, agus atá an áit naomhtha truaillighthe aige.


agus do chuireadar suas fiadhnaidhthe bréagacha, adubhairt, Ní stadann an duine seo, acht é i gcómhnaidhe ag labhairt go masluightheach i n‐aghaidh na h‐áite naomhtha so, agus i n‐aghaidh na dlighe.


D’á bhrigh sin is mó is cheart dúinn aire dhúthrachtach do thabhairt do na neithibh do chualamar, ar eagla go rachaimís ar fán uatha.


Is aoibhinn do’n té léigheas agus do’n dream éisteas le ráidhtheachas na tarngaireachta so, acht gach a bhfuil scríobhtha innti do choimheád: óir ní fada uainn an t‐am.


An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí