Ansan d’imthigh duine de’n daréag, dár bh’ainim Iúdás Iscariot, ag triall ar uachtaránaibh na sagart,
Matha 10:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Símón ó Chanaan, agus Iudás Iscariót, an fear a dhíol é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Séamas mac Alfaeus, agus Tadéus; Síomón an Cánaníteach, agus Iúdás Iscariót, an té a rinne scéal air. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Síomon, an Cananéach, agus fosta Iúdas Iscariot, an té a bhraith é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Síomón Cánaníteach, agus lúdás Iscariót, an té do bhraith é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Siomón ó Chánaan, agus Iúdas Iscariótes, an té fós do bhraith eisean. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Síomón Díograiseach agus Iúdás Isceiriót, an fear a bhraith é. An Bíobla Naofa 1981 Síomón Díograiseach agus Iúdás Isceiriót, an fear a bhraith é. |
Ansan d’imthigh duine de’n daréag, dár bh’ainim Iúdás Iscariot, ag triall ar uachtaránaibh na sagart,
Agus dubhairt sé leó: Cad is toil libh a thabhairt dómh-sa agus tabharfad suas daoibh é? Agus shocaruigheadar-san leis ar thríochad píosa airgid.
Is eól daoibh go mbeidh an Cháisg ann tar éis dhá lá, agus tabharfar Mac an Duine suas chun a chéasda.
Agus é ag rádh na bhfocal san, féach, tháinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluagh le n-a chois a chuir uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil leis, agus claidhmhte acu agus bataí.
Ansan nuair a chonaic Iúdás, a dhíol é, go raibh sé daor chun báis, tháinig aithreachas air, agus thug sé an tríochad píosa airgid thar n-ais ag triall ar uachtaránaibh na sagart agus ar na seanóiribh.
Agus d’imthigh Iúdás Iscariót, duine de’n dáréag, ag triall ar uachtaránaibh na sagart, chun é dhíol leó.
Le linn na bhfocal a rádh dhó, tháinig Iúdás Iscariót, duine de’n dáréag, agus sluagh mhór i n-aonfheacht leis, ó uachtaránaibh na sagart agus ó sna Sgríbhneóirí agus ó sna seanóirí, agus bhí claidhmhte agus bataí acu.
An fhaid a bhí sé ag caint, féach, tháinig sluagh, agus an t-é ar a dtugtí Iúdás, duine de’n dáréag, rómpa amach, agus tháinig sé chun Íosa chun póige thabhairt dó.
Agus nuair a bhí an suipéar críochnuighthe, agus an diabhal tar éis a chur i gcroidhe Iúdáis Iscariót, mhic Shímóin go ndéanfadh sé é dhíol,
Isé an spioraid a dheineann beódhadh. Ní dheineann an fheóil tairbhthe ar bith. Na focail atá ráidhte agam libh, spioraid agus beatha iseadh iad.
Agus nuair a thánadar isteach chuadar suas go dtí an seómra uachtárach mar a raibh Peadar agus Eóin ag fanmhaint, agus Séamus agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Bartolomaeus agus Maitiú, Séamus Alphéis agus Símón Sélotés agus Iúdás mac Séamuis.
Chun go nglacfadh sé an t-inead seirbhíse agus aspolachta so do chaill Iúdás, ionus go raghadh sé i n’ áit féin.