Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 10:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Chuir Íosa uaidh an dáréag san, agus thug sé órdú dhóibh mar seo: Ná h-imthighidh i slígh na ngeinte agus na téighidh isteach i gcatharachaibh na Samaritánach;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Chuir Íosa an dáréag sin amach uaidh, agus is é a dʼordaigh sé dóibh, “Ná buailigí an bealach a théas chun na nGintlithe, agus ná gabhaigí isteach in aon chathair Shamaratánach,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Agus chuir Íosa uaidh an dáréag seo, agus thug sé aithne dóibh, ag rádh: Ná gabhaigidh go bealach na gcinidheach, agus ná téighigidh isteach i gcathracha na Samáiriteánach:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Do chuir Íosa an dáréag sin amach, agus thug sé órdú dhóibh, g‐á rádh, Ná téighidh isteach i slighe na bPágánach, agus na téighidh isteach i gcathrachaibh na Samáritánach;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Do chuir Iósa an da fhear dhéugso a mach, a tabhairt aitheantadh dhóibh, ag rádh, Na gabhaidh go slighe na Gcineadhach, agus na heírghigh a sdeach a gcathuir na Samaritánach;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Chuir Íosa uaidh an dáréag sin leis na horduithe seo a leanas: “Ná gabhaigí an bóthar chun na ngintlithe agus ná téigí isteach i gcathair Shamárach ar bith;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Chuir Íosa uaidh an dáréag sin leis na horduithe seo leanas: “Ná gabhaigí an bóthar chun na ngintlithe agus ná téigí isteach i gcathair Shamárach ar bith;

Féach an chaibidil Cóip




Matha 10:5
27 Tagairtí Cros  

Agus chuir sé a sheirbhísigh ag glaodhach ar na daoine a fuair cuireadh chun na bainise; agus níor bh’áil leó teacht.


Talamh Sabulon agus talamh Nephtalim, fan na faraige lastall de Iórdan, Gaililí na ngeinte:


Agus ghlaoidh sé chuige an dáréag, agus thosnuigh sé ar iad do chur uaidh ’n-a mbeirt a’r ’n-a mbeirt, agus thug sé dhóibh cumas ar na spioraidíbh truaillighthe.


Tar éis na neith sin do cheap an Thíghearna dháréag agus trí fichid eile, agus chuir sé roimis amach iad, ’n-a mbeirt a’s ’n-a mbeirt, chun gach baile agus áit n-a raibh sé féin le teacht ann.


Ach bhí Samaritánach ag gabháil an bóthar agus tháinig sé i n-aice an duine, agus chonaic sé é, agus tháinig truagh aige dhó;


Agus chaith sé é féin ar a bhéal a’s ar a aghaidh ag cosaibh Íosa ag gabhail a bhuidheachais leis, agus Samaritánach dob’ eadh é.


Do ghlaoidh sé chuige an dáréag Aspol agus thug sé dhóibh cómhacht agus cumas ar gach aicme deamhan, agus leigheas ar ghalaraibh.


Agus chuir sé uaidh iad ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus ag leigheas daoine breóite.


Fé mar a chuiris-se uait mise isteach sa tsaoghal, do chuireas-sa uaim iad so isteach sa tsaoghal.


Ansan dubhairt sé airís leó: Síothcháin daoibh. Fé mar a sheól an t-Athair mise seólaim-se sibh-se.


Is ar an gcnoc so a dhein ar sínsear-ne Dia d’adhradh, agus dar libh-se is i n-Ierúsalem atá an áit ’n-ar ceart Dia d’adhradh.


Tháinig sé isteach go cathair i Samaria, gur bh’ ainim dí Sichar, láimh leis an bhfearann a thug Iácób d’á mhac Ióseph.


Agus dubhairt an bhean leis: Conus is féidir duit-se, agus gur Iúdach tu, deoch a d’iarraidh orm-sa, agus gur bean Shamaritánach mé? Ní dheinid Iúdaigh agus Samaritánaigh cómharsanacht eatartha féin.


Agus dubhairt na Iúdaigh eatartha féin: Cá bhfuil sé seo ag dul agus ná faighmíd é? An ag triall ar an muintir atá sgaipithe ameasg na ngeinte atá sé ag dul, chun na ngeinte theagasg?


Agus d’fhreagair na Iúdaigh é agus dubhradar: Nach maith adeirimíd-ne é gur Samaritánach tusa agus go bhfuil deamhan ionat?


Ach glacfaidh sibh neart an Spioraid Naoimh ag túirliocan ionaibh, agus beidh sibh i nbhúr lucht fiadnaise dhómhsa i n-Ierúsalem agus i n-Iudéa go léir agus i Samaría, agus go h-imeall an domhain ar fad.


Agus lucht an tímpallghearrtha a tháinig i n-aonfheacht le Peadar, bhí uathbhás ortha a rádh gur tháinig grásta an Spioraid Naoimh ar na geintibh.


Ansan do deinead, ins na laethibh sin íde ana-dhian ar an eaglais a bhí i nIerúsalem agus do sgaipeadh na daoine go léir tré chríochaibh Iúdaéa agus Shamaría, ach amháin na h-Aspoil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí