Agus dubhradar: Do cheaduigh Maois Litir imtheachta do sgrí dhi agus i chur chun siubhail.
Matha 1:19 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach ó ba dhuine fíoraonta Ióseph, a fear, agus nár mhaith leis masladh puibilidhe thabhairt di, ba mhian leis í chur uaidh a gan fhios. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus ó bʼfhíréanta é a fear céile Iósaf, agus ó bhí leisce air a náiriú, bhí rún aige scaradh léi os íseal. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht mar gur dhuine cóir Ióseph, a fear, Agus nár mhaith leis a cliú a bhaint dí, ba mhian leis í a chur uaidh i ngan fhios. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht, ó ba dhuine fíréanta Seosamh, a fear, agus nárbh áil leis a maslú go poiblidhe, ba mhian leis a cur uaidh ós íseal. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd ar mbeith do Ióseph a fear, na dhuine comhthrum, agus nár bháill leis isiompláir do dhéanamh dhi, bá mían ris a cur úadh ós íseall An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. An Bíobla Naofa 1981 Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. |
Agus dubhradar: Do cheaduigh Maois Litir imtheachta do sgrí dhi agus i chur chun siubhail.
Óir bhí eagal ar Héród roim Eóin, mar bhí fhios aige gur dhuine naomhtha, fíoraonta é, agus bhí sé ’ghá choimeád, agus dheineadh sé a lán neithe ar a chómhairle, agus thugadh sé cluas dó go toilteanach.
Agus féach, bhí i n-Ierúsalem duine dár bh’ainim Simeón, agus bhí an duine sin fíoraonta, diadha, ag súil le sólás Israéil, agus bhí an Spioraid Naomh ann.
Agus dubhradar-san: Cornélius, an taoiseach céad, fear atá fíoraonta úmhal do Dhia agus go bhfuil meas mór ag na Iúdaígh go léir air, fuair sé freagra ó aingeal naomhtha ’ghá rádh leis fios a chur ortsa chun a thíghe agus éisteacht le cainnt uait.
Ansan, nuair a bhí sé ’n-a lá, níos aithnighdar an tír, ach thugadar fé ndeara bhléin ’na raibh tráigh inti agus cheapadar, d’á mb’ fhéidir é, go sádhfaidís an long isteach inti.