Ansan nuair a bhí sé tar éis dul isteach i gCapharnaum tháinig chuige taoiseach céad, ’ghá ghuidhe,
Lúcás 7:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’airigh sé i dtaobh Íosa, agus chuir sé ag triall air seanóirí Iúdacha ’ghá iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach do leigheas. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a chuala sé faoi Íosa, chuir sé daoine chuige de sheanóirí na nGiúdach, á iarraidh air teacht agus an mogha sin aige a leigheas. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chuala sé fá Íosa, chuir sé seanóirí na n-Iúdach chuige d’iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach a leigheas. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do‐chuala sé i dtaobh Íosa, do chuir sé chuige cuid de sheanóiribh na nIúdach, g‐á iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach do leigheas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do chúaluidh sé tuarasgbháil Iósa, do chuir sé sinnsir na Níuduighe chuge, ag íarruidh air teachd agus a shearbhfhoghantuidhe shlánughadh An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chuala sé trácht ar Íosa, chuir sé chuige seanóirí de na Giúdaigh dá iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach a shlánú. An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chuala sé trácht ar Íosa, chuir sé chuige seanóirí de na Giúdaigh á iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach a shlanú. |
Ansan nuair a bhí sé tar éis dul isteach i gCapharnaum tháinig chuige taoiseach céad, ’ghá ghuidhe,
Agus bhí taoiseach céad n-a raibh seirbhíseach leis breóite, agus ba mhór aige an seirbhíseach, agus bhí sé ag dul chun báis.
Agus nuair a thánadar-san ag triall ar Íosa d’iarradar go cruaidh air dul, agus dubhradar; Is fiú é go ndéanfá an nídh sin dó,
Agus féach, tháinig chuige fear dár bh’ ainim Iaírus, agus dob’ é uachtarán na sinagóige é; agus do chaith sé é féin ag cosaibh Íosa ’gha iarraidh air dul chun a thighe,
Agus féach, do labhair duine de’n tsluagh amach agus dubhairt sé: A Máighistir, guidhim thú, féach ar mo mhac, mar ní’l agam ach é;
Nuair airigh sé sin Íosa bheith tagaithe ó Iúdaéa isteach i nGaililí d’imthigh sé ag triall air, agus bhí sé ’ghá iarraidh air dul síos agus a mhac do leigheas; óir bhí sé i bpúnc an bhais.