Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:41 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Agus féach, tháinig chuige fear dár bh’ ainim Iaírus, agus dob’ é uachtarán na sinagóige é; agus do chaith sé é féin ag cosaibh Íosa ’gha iarraidh air dul chun a thighe,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 Agus tháinig fear a raibh Iárus mar ainm air, a bhí ina rialtóir sionagóige; agus thit sé ag cosa Íosa ag cur impí air teacht chun a thí,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 Agus féach, tháinic fear, darbh ainm Iairus, agus b’é uachtarán na sineagóige é, agus thuit sé ag cosa Íosa, ag iarraidh air teacht isteach chun a tighe,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Agus féach, tháinig fear darbh ainm Iárus, duine d’uachtaránaibh na sionagóige, agus do chaith sé é féin ag cosaibh Íosa, agus d’iarr sé d’impidhe air teacht chum a thighe;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 Agus, féuch, táinic neach áirighe dar bhainm Iáirus, do bhí na úachdarán ar a tsinagóig: agus an tan do shléuchd sé ag cosaibh Iósa, diárr sé dathchuinghidh air dul leis dá thigh féin:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 Agus tháinig fear darb ainm Iáras, a bhí ina cheann urra ar an tsionagóg, agus chaith é féin síos ag cosa Íosa, dá achainí air teacht chun a thí;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

41 Agus tháinig fear darb ainm Iáras, a bhí ina cheann urra ar an tsionagóg, agus chaith é féin síos ag cosa Íosa, á achainí air teacht chun a thí;

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:41
15 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagair uachtarán na sinagóige, agus fearg air toisg Íosa do dhéanamh an leighis lá na sabbóide, agus dubhairt sé leis na daoine: Tá sé lá ann ’n-ar cheart obair a dheanamh; tagaidh aon lá dhíobh san, agus leighistear sibh; agus ná tagaidh lá na sabbóide.


Agus chaith sé é féin ar a bhéal a’s ar a aghaidh ag cosaibh Íosa ag gabhail a bhuidheachais leis, agus Samaritánach dob’ eadh é.


Nuair a chonaic Símón Peadar an nídh sin do chaith sé é féin ag glúinibh Íosa, agus dubhairt: Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé.


Mar go raibh aon inghean amháin aige agus í tímpal dhá bhliain déag, agus go raibh sí ag dul chun báis. Agus, ag dul ann dó, do tharla go raibh an tsluagh ag brúth air.


Agus é ag rádh na cainte sin tháinig duine chun uachtarain na sinagóige agus dubhairt sé leis: Tá t’inghean thar éis bháis, ná bí ’ghá chur chun trioblóide.


Ansan dubhairt Marta le h-Íosa: A Thighearna, dá mbeitheá anso ní bheadh mo dhritháir marbh;


Agus nuair a bhí léighead na dlíghe agus na bhfáidh déanta chuir uachtaráin na sinagóige teachtaireacht chúcha ’ghá rádh: A fheara, a bhráithre, má tá agaibh aon chainnt theagaisg do’n phobul abraidh í.


Agus do rugadar go léir an Shóstenés uachtarán na sinagóige agus bhíodar ag gabháil air os cómhair an tsuidhebhratha agus níor chuir Gallió aon tsuim i n-aon nídh de sna neithibh sin.


Agus do chreid Crispus, uachtarán na sinagóige, sa Tighearna, agus a theaghlach go léir, agus do chreid mórán de sna Coirintigh a bhí ag éisteacht leis agus do baisteadh iad.


Ach, ó bhí Lidda cómhgasach do Ioppé agus gur airigh na deisgiobuil Peadar a bheith sa n-áith sin, chuireadar beirt fhear chuige ’ghá rádh leis: Ná déin ríghneas gan teacht ag triall orainn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí