Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 7:3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus an tan do chúaluidh sé tuarasgbháil Iósa, do chuir sé sinnsir na Níuduighe chuge, ag íarruidh air teachd agus a shearbhfhoghantuidhe shlánughadh

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Nuair a chuala sé faoi Íosa, chuir sé daoine chuige de sheanóirí na nGiúdach, á iarraidh air teacht agus an mogha sin aige a leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus nuair a chuala sé fá Íosa, chuir sé seanóirí na n-Iúdach chuige d’iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach a leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus nuair do‐chuala sé i dtaobh Íosa, do chuir sé chuige cuid de sheanóiribh na nIúdach, g‐á iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach do leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus d’airigh sé i dtaobh Íosa, agus chuir sé ag triall air seanóirí Iúdacha ’ghá iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach do leigheas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Nuair a chuala sé trácht ar Íosa, chuir sé chuige seanóirí de na Giúdaigh dá iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach a shlánú.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 7:3
7 Tagairtí Cros  

Agus ar ndul Díosa a sdeach go Capernáum, tháinic sentúrion chuige, dá ghuidhe,


Agus do bhí óglach caiptin áirighe, go bréoite, a riochd bháis, air a raibh cion mór aige.


Agus an tan thangadar so chum Iósa, díarradar air go díthcheallach, ag rádh, Gur bhfíu é so do thabhuirt dó:


Agus, féuch, táinic neach áirighe dar bhainm Iáirus, do bhí na úachdarán ar a tsinagóig: agus an tan do shléuchd sé ag cosaibh Iósa, diárr sé dathchuinghidh air dul leis dá thigh féin:


Agus, féuch, do éigh neach don tslúagh, ag rádh, A Mhaighisdir, iárruim ort, feuch ar mo mhac: oír a sé méinghein é.


An tan do chúaluidh sé so go dtáinig Iósa as tír Iúdaighe don Ghalilé, do chuáidh sé amach chuige, agus díarr sé air dul síos, agus a mhac do shlánughadh: óir do bhí sé ré huchd bháis.


Guidhim thu air son mom hic Onesimus, noch do gheinmé a ngéibheanuibh:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí