Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 5:32 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Ní chun fíoraon do ghlaodhach chun aithrighe a thánag, ach chun peacach do ghlaodhach chun aithrighe.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

níor tháinig mise a ghlaoch ar na fíréin, ach ar na peacaigh le haithrí a dhéanamh.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Ní tháinic mise le glaodhach ar fhíréin acht ar pheacaigh chun aithrighe.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Ní chum fíréin do ghlaodhach chum aithrighe thánag‐sa, acht chum peacaigh do ghlaodhach.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ní tháinic misi do ghairm na bhfiréunach, achd na bpeacthach chum aithrighe.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a bhfuilim tagtha dá nglaoch chun aithrí.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a bhfuilim tagtha á nglaoch chun aithrí.”

Féach an chaibidil



Lúcás 5:32
26 Tagairtí Cros  

Tugaidh aire gan neamhshuím a dhéanamh d’aoinne de’n mhuintir bheag san, mar deirim libh go bhfuil radharc do shíor agá n-aingealaibh sin ins na flathais, ar ghnúis m’Athar-sa, atá ins na flathais.


Imthighidh agus foghlumuighidh a bhrígh siúd: Trócaire is toil liom, agus ní h-ídhbirt. Óir ní chun na bhfíoraon do ghlaodhach a thánag, ach chun na bpeacach do ghlaodhach.


Mar bhí fhios aige gur le mioscais a dhein uachtaráin na sagart é thabhairt chun lámha.


Agus bhí aon phríosúnach amháin ann gur bh’ainim dó Barabbas, agus bhí sé gabhtha ameasg an lucht ceannairce, agus mhairbh sé duine i gceannairc.


D’airigh Íosa san, agus dubhairt sé leó: Ní h-ag daoine slána atá gádh le dochtúir ach ag daoine gan sláinte. Ní chun na bhfíoraon do ghlaodhach a thánag-sa ach chun na bpeacach do ghlaodhach.


Deirim-se libh-se gur b’ shin mar a bheidh gáirdeachas i láthair aingeal Dé mar gheall ar aon pheacach amáin a dhéanfaidh aithrighe.


Deirim libh gurab shin mar a bheidh gáirdeachas ar neamh mar gheall ar aon pheacach amháin a dhéanfaidh aithrighe seachas naoi dhuine dhéag agus cheithre fichid de dhaoinibh córa ná fuil gádh le h-aithrighe acu.


Óir is chun a raibh caillte do chuardach agus do shlánú a tháinig Mac an Duine.


Agus go bhfógrófaí i n’ ainim, tré sna geinte go léir, ag tusnú ó Ierúsalem, aithrighe agus maitheamhnachas peacaí.


Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: Ní h-ag lucht sláinte atá gádh le liaigh, ach ag daoine breóite.


Ach dubhradar-san: Cad ’n-a thaobh go mbíd deisgiobuil Eóin ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe go minic, agus deisgiobuil na bhFairisíneach mar an gcéadna, agus go mbíd do dheisgiobuil-se ag ithe agus ag ól?


Agus anois tá Dia ag leogaint aimsire an ainbhfiosa san thairis agus ’ghá fhógairth do sna daoine, go ndéanfaidís go léir aithrighe ins gach aon bhall,


Agus dubhairt Peadar leó: Déinidh, ar seisean, aithríghe, agus glacadh gach duine agaibh baiste i n-ainim Íosa Críost, ionus go maithfí bhúr bpeacaí dhaoibh, agus ansan glacfaidh sibh tabharthas an Spioraid Naoimh.


agus me ag deimhniú aithrighe chun Dé, agus creidimh i n-ár dTighearna Íosa Críost, do Iúdaígh agus do Gheintibh.


Déinidh aithríghe dá bhrígh sin, agus iompuighidh, ionus go mbuailfí amach bhúr bpeacaí,


Chúghaibhse ar dtúis, chun sibh a bheannú, iseadh chuir Dia a Mhac, nuair a thóg sé suas é, ionus go n-iompóchadh gach duine é féin ó n-a dhroch-bheartaibh.


Do thóg Dia suas le n-a laimh dheis é ’n-a Phriúnsa agus ’n-a Shlánuightheoir chun go dtabharfadh sé aithríghe agus maitheamhnachas peacaí d’Israél.