Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 9:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Imthighidh agus foghlumuighidh a bhrígh siúd: Trócaire is toil liom, agus ní h-ídhbirt. Óir ní chun na bhfíoraon do ghlaodhach a thánag, ach chun na bpeacach do ghlaodhach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Imigí go bhfoghlaimí sibh cad é is ciall don rá sin, ‘Trócaire agus ní iobairt is mian liom.’ Níor tháinig mise a ghlaoch ar na fíréin, ach ar na peacaigh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Mar sin de, imthighigidh agus foghlaimigidh cad é is brígh le seo: Ní íodhbairt acht trócaire is toil liom. Óir ní tháinic mise le glaodhach ar na fíréin, acht ar na peacaigh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Acht imthighidh agus foghlamaidh brigh na cainste sin. Trócaire is áil liom, agus ní h‐íodhbairt: óir ní chum na bhfíréan do ghlaodhach tháinig mé, acht chum na bpeacach do ghlaodhach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Achd imthigh, agus foghlomaigh a chíall so, Trócaire is áill leam, agus ní hiódhbuirt: óir ní tháinic misi do ghairm na bhfíréunach, achd na bpeacach do chum aithrighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Ní miste daoibh a chiall siúd a fhoghlaim: ‘Trócaire is áil liom agus ní íobairt.’ Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a tháinig mé a ghlaoch.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 Ní miste daoibh a chiall siúd a fhoghlaim: ‘Trócaire is áil liom agus ní íobairt.’ Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a tháinig mé a ghlaoch.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:13
39 Tagairtí Cros  

Ach dubhairt seisean leó: An amhlaidh nár léigheabhair cad a dhein Dáibhid nuair a bhí ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n-aonfheacht leis?


Nó an amhlaidh nár léigheabhair sa dlígh conus mar, a dheinid na sagairt sa teampall an tsabbóid do bhriseadh agus ná dheinid siad peacadh?


Ach dá dtuigeadh sibh cad é an nídh, Trócaire is áil liom, agus ní h-ídhbirt, ní dhaorfadh sibh choídhche na neamhchiontacha.


Agus do fhreagair sé iad, agus dubhairt: Nár léigheabhair, an t-é chruthuigh an duine ar dtúis, gur chruthuigh sé iad firean agus bainean, agus dubhairt sé:


Dubhairt Íosa leó: Nár léigheabhair riamh sa sgríbhinn: An chloch d’ár dhiúltuigh na saoir, isí atá ’n-a cloich cinn chúinne: Isé an Tighearna do dhein é sin, agus is iongantach é i n-ár súilibh-ne.


Agus deireadh sé: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh


Má’s eadh tugaidh toradh uaibh a bheidh do réir na h-aithrighe.


As san amach do thusnuigh Íosa ar sheanmóin, agus ar a rádh: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh.


I dtaobh na marbh, ámhthach, go n-eireóchaid siad, nár léigheabhair i leabhar Mhaoise, conus mar adubhairt Dia leis as an dtor: Is mise Dia Ábrahaim agus Dia Isaaic agus Dia Iacóib.


Agus é ghrádhú ó chroidhe go h-iomlán, agus ó thuisgint go h-iomlán, agus ó anam go h-iomlán, agus ó neart go h-iomlán, agus an chómharsa do ghrádhú mar dhuine féin. Is mó san ’ná gach ídhbirt agus ’ná gach ofráil.


D’airigh Íosa san, agus dubhairt sé leó: Ní h-ag daoine slána atá gádh le dochtúir ach ag daoine gan sláinte. Ní chun na bhfíoraon do ghlaodhach a thánag-sa ach chun na bpeacach do ghlaodhach.


Agus dubhairt seisean leis: Cad ’tá sgríobhtha sa dlígh? Conus a léigheann tú?


Óir is chun a raibh caillte do chuardach agus do shlánú a tháinig Mac an Duine.


Agus go bhfógrófaí i n’ ainim, tré sna geinte go léir, ag tusnú ó Ierúsalem, aithrighe agus maitheamhnachas peacaí.


Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: Ní h-ag lucht sláinte atá gádh le liaigh, ach ag daoine breóite.


Ní chun fíoraon do ghlaodhach chun aithrighe a thánag, ach chun peacach do ghlaodhach chun aithrighe.


D’fhreagair Íosa iad: Ná fuil sgríobhtha i nbhúr ndlígh féin, Dubhart-sa, is déithe sibh?


Nuair airighdar an méid sin d’éisteadar, agus thugadar glóire do Dhia agus dubhradar: Seadh ach tá aithríghe chun na beatha tabhartha ag Dia do sna geintibh féin


Agus dubhairt Peadar leó: Déinidh, ar seisean, aithríghe, agus glacadh gach duine agaibh baiste i n-ainim Íosa Críost, ionus go maithfí bhúr bpeacaí dhaoibh, agus ansan glacfaidh sibh tabharthas an Spioraid Naoimh.


agus me ag deimhniú aithrighe chun Dé, agus creidimh i n-ár dTighearna Íosa Críost, do Iúdaígh agus do Gheintibh.


Déinidh aithríghe dá bhrígh sin, agus iompuighidh, ionus go mbuailfí amach bhúr bpeacaí,


Do thóg Dia suas le n-a laimh dheis é ’n-a Phriúnsa agus ’n-a Shlánuightheoir chun go dtabharfadh sé aithríghe agus maitheamhnachas peacaí d’Israél.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí