Agus bhí Íosa ’n-a sheasamh os cómhair an riaghaltóra agus do cheistigh an riaghaltóir é, agus dubhairt sé: An tusa rí na nIúdach? Dubhairt Íosa leis: Deir tú é.
Lúcás 23:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do chuir Pílát ceist chuige agus dubhairt sé: An tusa rí na n-Iúdach? Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: Deirir é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼfhiafraigh Píoláid de, “An tú Rí na nGiúdach?” Agus dʼfhreagair sé é, “Is tú a dúirt é.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’fhiafruigh Pioláit de, ag rádh: An tusa rí na n-Iúdach? Agus d’fhreagair seisean, agus dubhairt: Deir tú é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhiafruigh Píoláid de, g‐á rádh, An tusa Rí na nIúdach? Agus d’fhreagair sé agus adubhairt, Adeirir é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dfíafruidh Pioláid dhe, ag rádh, An tusa Rí na Níudaighe? Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ris, A deir tusa sin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼfhiafraigh Píoláit de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt sé leis dá fhreagairt: “Deir tú féin é.” An Bíobla Naofa 1981 D'fhiafraigh Pioláit de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt sé leis á fhreagairt: “Deir tú féin é.” |
Agus bhí Íosa ’n-a sheasamh os cómhair an riaghaltóra agus do cheistigh an riaghaltóir é, agus dubhairt sé: An tusa rí na nIúdach? Dubhairt Íosa leis: Deir tú é.
Agus d’fhiafraigh Pílát de: An tusa rí na n-Iúdach? Agus d’fhreagair seisean agus dubhairt: Deirir-se é.
Tagadh Críost, rí Israéil, anuas de’n chrois anois go bhfeiceam agus go gcreideam. Agus an bheirt a bhí céasda i n-a aice thugadar masla dhó.
Ansan dubhradar go léir: D’á bhrígh sin an tusa Mac Dé? Agus dubhairt sé: Deirthí-se gur mé.
Agus bhí sgríbhinn sgríobhtha os a chionn i litreachaibh Gréigise agus Laidne agus Eabhra: RÍ NA N-IÚDACh É SEO.
D’fhreagair Natanaél agus dubhairt sé: A Mháighistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil.
Uime sin do chuaidh Pílát amach ag triall ortha, agus dubhairt sé: Cad ’tá agaibh ’á chur i leith an duine seo?
Agus thagaidís chuige agus deiridís: Go mbeannuighthear duit, a rí na n-Iúdach; agus do bhuailidís dóirne air.