Lúcás 22:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach do chuaidh Sátan isteach i n-Iúdás, ar a dtugtí Iscariót, duine de’n dáréag. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba ansin a chuaigh Sátan isteach i nIúdás a raibh Iscariót mar shloinne air, a bhí ina dhuine den dáréag; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht chuaidh Satan isteach i n-Iúdas, dá ngoirtí Iscariot, duine de’n dáréag. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chuaidh Sátan isteach i nIúdás Iscariót, duine de’n dáréag. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd do chúaidh Satan a Níudas dar chomhainm Iscáiriot, do bhí no nuibhir an dá fhear dhéag. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach chuaigh Sátan isteach in Iúdás ar a nglaotar Isceiriót, a bhí ar uimhir an dáréag. An Bíobla Naofa 1981 Ach chuaigh Sátan isteach in Iúdás ar a nglaotar Isceiriót, a bhí ar uimhir an dáréag. |
Agus dubhairt seisean ’ghá bhfreagra: An t-é a chuir a lám sa mhéis am’ chuíbhreann, díolfaidh sé mé.
Ansan dubhairt Íosa leis: Imthigh, a Shátain; Óir tá sgríobhtha: Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus beidh tú umhal dó san amháin.
Ní tré aon speóis a bheith aige ins na bochtaibh adubhairt sé an méid sin, ámhthach, ach é bheith ’n-a bhitheamhnach, agus is aige a bhíodh an sparán, agus isé a dh’iomparadh an méid a curtí ann.
Ní’lim ag labhairt oraibh go léir; aithním na daoine a thoghas: Ach ionus go gcómhlíonfí an Sgríbhinn: An t-é a dh’itheann arán am’ fhochair árdóchaidh sé a shál am’ choinnibh.
Agus nuair a bhí an suipéar críochnuighthe, agus an diabhal tar éis a chur i gcroidhe Iúdáis Iscariót, mhic Shímóin go ndéanfadh sé é dhíol,
Dubhairt Peadar, ámhthach: A Ananíais, cad uime gur sprioc Sátan do chroidhe chun bréige a dh’innsint do’n Spioraid Naomh agus cuid d’fiachaibh an tailimh a cheilt?